Éire – figiúirí agus fíricí


Dáta foilsithe: An 11ú Feabhra, 2019

Tá Éire suite ar imeall na hEorpa

 

Is oileán í Éire atá suite in Aigéan an Atlantaigh, ar imeall thiar na hEorpa.

Tá Éire ar an dara hoileán is mó in Oileánra an Atlantaigh – is í an Bhreatain Mhór an t-oileán is mó.

Achar iomlán

achar iomlán de 83,879km232,386 míle chearnach ag Éirinn. Tá an tír roinnte ina cúigí agus ina contaetha. Má tá tú ag iarraidh tiomáint ó bharr na tíre go bun na tíre, tá fad de thart ar 612km380 míle ann.


Cúigí agus Contaetha

4 Chúige ann – Ulaidh, Laighin, Connachta agus Mumha.

9 gcontae i gCúige Uladh.

12 chontae i gCúige Laighean.

5 chontae i gCúige Chonnacht.

6 chontae i gCúige na Mumhan.


An cúige is mó agus is lú

Is é Cúige na Mumhan an cúige is mó in Éirinn, tá achar 24,229km2 ann. Tá 6 chontae i gCúige na Mumhan, Ciarraí, an Clár, Corcaigh, Luimneach, Port Láirge agus Tiobraid Árann.

Is é Cúige Chonnacht an cúige is lú sa tír, tá achar de 17,788km2 ann.

 

An contae is mó agus is lú

Is é contae Chorcaí an contae is mó sa tír. Tá achar de 7,460km2 ann.

Is é contae Lú an contae is lú sa tír. Tá achar de 826km2 ann.

Contae Chorcaí

Contae Lú


Cósta nó Imeallbhord na hÉireann

imeallbhord na hÉireann 4,325km ar fad. Ó thaobh na gcúigí de, tá an t-imeallbhord is faide ag Cúige na Mumhan agus tá an t-imeallbhord contae is faide ag contae Dhún na nGall.

Teach Solais Fhánada ar chósta Dhún na nGall

 

Abhainn is faide

an tSionainn, nó abhainn na Sionainne, ar an abhainn is faide in Éirinn. Éiríonn an abhainn i gcontae an Chabháin i gCúige Uladh agus imíonn sí amach chun na farraige thíos i gCúige na Mumhan, idir contae an Chláir agus contae Chiarraí. Tá an tSionainn 386km ar fad. Tá an tSionainn ar an abhainn is faide ar fad in Oileánra an Atlantaigh.

An tSionainn: ó Bhinn Chuilceach (sléibhte i gcontae an Chabháin/Fhear Manach) go dtí an fharraige mhór idir an Clár agus Ciarraí

 

Loch is mó

Is é Loch nEathach an loch is mó in Éirinn (agus an loch is mó in Oileánra an Atlantaigh fosta). Tá achar de 390km2 ann. Tá  Loch nEathach suite i gCúige Uladh agus luíonn codanna de theorainneacha cúig chontae ina lár – Aontroim, Ard Mhacha, Doire, an Dún agus Tír Eoghain.

Loch nEathach, an loch is mó in oileánra an Atlantaigh

 

Sliabh is airde

Is é Corrán Tuathail an sliabh is airde sa tír. Tá sé suite i gcontae Chiarraí agus, ag an phointe is airde, tá sé 1,039 méadar os cionn leibhéal na farraige.

Corrán Tuathail i gcontae Chiarraí



Dreapadóirí ar Chorrán Tuathail

 

Oileán is mó

Is í Acaill, nó Oileán Acla, an t-oileán is mó amach ó chósta na hÉireann. Tá Acaill suite i gcontae Mhaigh Eo agus tá achar de 148km2 inti.


Tá Oileán Acla i gcontae Mhaigh Eo (deir roinnt daoine nach fíor-oileán é nó tá bóthar ann a cheanglaíonn é den mhórthír)

 

Na haillte is airde

Tá na haillte cósta is airde in Éirinn suite ar oileán Acla, i Maigh Eo, ar an Chruachán. Tá an pointe is airde ar an Chruachán 688 méadar os cionn leibhéal na farraige. Tá na haillte seo ar na tríú haillte cósta is airde san Eoraip ar fad.

An Cruachán ar Oileán Acla

 

Trá is faide

Tá an trá is faide in Éirinn suite i gcontae Loch Garman agus tá sí 20km ar fad.

Tá an trá is faide in Éirinn 20km ar fad!

 

Eas is airde

Tá an t-eas is airde in Éirinn suite i gContae Chill Mhantáin, i gCúirt an Phaoraigh. Titeann an t-uisce 121 méadar ó bharr an easa anuas go talamh.

An t-eas is airde in Éirinn i gcontae Chill Mhantáin

 

Na Ceithre hAirde

An pointe is faide ó thuaidh

Is é Cionn Mhálanna an pointe is faide ó thuaidh ar mhórthír na hÉireann. Tá Cionn Mhálanna suite in Inis Eoghain i gcontae Dhún na nGall.

Cionn Mhálanna, Inis Eoghain, Dún na nGall (agus Albain sa chúlra)

 

Luíonn an áit is faide ó thuaidh ar fad in Éirinn amuigh san fharraige, 11km ó thuaidh ó Chionn Mhálanna. Níl ann ach cúpla carraig san fharraige agus tá siad suite taobh le hoileán beag darb ainm Tor Beag. Tá Tor Beag suite in aice le hoileán eile darb ainm Inis Trá Tholl. Ba ghnách le daoine cónaí ar Inis Trá Tholl, ach níl duine ar bith ann níos mó.

Nuair a bhí an dara cogadh domhanda ann, litrigh siad ‘Éire’ le clocha i gCionn Mhálanna le go mbeadh a fhios ag eitleáin cén tír a bhí ann

 

An pointe is faide ó dheas

Is é Carn Uí Néid an pointe is faide ó dheas ar mhórthír na hEireann. Tá Carn Uí Néid suite i gcontae Chorcaí. An pointe is faide ó dheas in Éirinn ar fad ná Carraig Aonair. Tá Carraig Aonair suite i lár na farraige, 13.6 km ó dheas ó Charn Uí Néid.

Carn Uí Néid, an pointe is faide ó dheas in Éirinn

 

An pointe is faide soir

Tá an pointe is faide soir ar mhórthír na hÉireann suite i gcontae an Dúin. An Bior an t-ainm atá air. Tá an pointe is faide soir in Éirinn ar fad (mórthír na hÉireann agus a cuid oileán) suite i gcontae an Dúin fosta. Cannon Rock an t-ainm atá air i mBéarla. Níl muid go hiomlán cinnte cad é an t-ainm ceart a bhí air i nGaeilge ach tá tagairt ann don oileán beag seo ar léarscáil a d’fhoilsigh fear darb ainm Mercator Gerard sa bhliain 1595 agus thug seisean ‘St Patrick’s Rock’ air ag an am sin. Bheadh sé réasúnta a smaoineamh mar sin, gur thug na Gaeil ‘Carraig Naomh Pádraig’ air.

Teach solais, an Bior, contae an Dúin

 

An pointe is faide siar

Tá an pointe is faide siar ar mhórthír na hÉireann suite i nGaeltacht Chiarraí in aice le sráidbhaile beag darb ainm Dún Chaoin. An Dún Mór an t-ainm atá ar an áit. Tá an pointe is faide siar in Éirinn ar fad suite i gContae Chiarraí fosta. An Feo Mór an t-ainm atá agus is carraig é atá suite amuigh san fharraige 17.1 km siar ón Dún Mór. (Tá an Feo Beag ann fosta). Ní hamháin gurb é an Feo Mór an pointe is faide siar in Éirinn, is é an pointe is faide siar in Oileánra an Atlantaigh é fosta.

Dún Chaoin i gcontae Chiarraí

 

Le déanamh

Thig leat an póstaer seo a úsáid le cleachtadh a dhéanamh ar dtús