Cobhsaíocht


Dáta foilsithe: An 29ú Márta, 2019

Íomhá chlúdaigh: https://commons.wikimedia.org/wiki/File:BAe_146_centre_of_gravity_problem.JPG 


Is é is ciall le cobhsaíocht ná cé chomh daingean nó chomh seasmhach is a bhíonn rud, cé chomh maith is a sheasann sé nó cé chomh furasta is a thiteann sé. Ar ndóigh, má tá rud á dhearadh agat sa teicneolaíocht, níor mhaith leat go dtitfeadh sé go furasta, ba mhaith leat é a bheith chomh cobhsaí agus is féidir.

Rud atá cobhsaí, ní thitfidh sé go furasta – tá an t-ancaire seo thar a bheith cobhsaí


Rud a thiteann go furasta, deir muid go bhfuil sé éagobhsaí


Chun an táirge a bhfuil tú ag obair air a dhéanamh chomh cobhsaí agus is féidir, caithfidh tú aird a thabhairt ar dhá rud – bonn an táirge agus meáchanlár an táirge.


Caithimis súil ar an mheáchanlár ar dtús.

Is é an sainmhíniú is simplí atá ar mheáchanlár‘pointe samhlaíoch trína ndírítear meáchan iomlán an ruda’.


Turgnamh 1

Faigh rialóir 30 cm. Sín amach do mhéar agus déan iarracht an rialóir a choinneáil ar cothrom ar bharr do mhéire.

Má bhíonn do mhéar rófhada ar dheis, titfidh an rialóir. Má bhíonn do mhéar rófhada ar chlé, titfidh an rialóir.

Tarlaíonn sé seo mar go mbíonn an domhantarraingt, an fórsa a tharraingíonn rudaí go talamh, róláidir ar thaobh amháin den rialóir.

Más mian leat an rialóir a choinneáil ar cothrom, bíonn ort pointe sórt lárnach a aimsiú, áit a mbíonn an domhantarraingt cothrom ar an dá thaobh de. Deir muid gurb é seo meáchanlár an rialóra.

Má chuireann tú do mhéar go díreach faoi mheáchanlár an rialóra, ba cheart go bhfanfadh sé ar cothrom



Is dócha gur thriail tú seo roimhe ach nach raibh a fhios agat gurbh é an meáchanlár a bhí á aimsiú agat.

Dóigh eile le meáchanlár rialóra a aimsiú go furasta (íomhá: https://www.exploratorium.edu/snacks/center-gravity)


Mar a fheicfidh tú, áfach, níl gach rud ar domhan chomh rialta céanna leis an rialóir dronuilleogach. Cuir i gcás go mbeifeá ag obair le cruth neamhrialta – cad é mar a d’aimseofá a mheáchanlár?


Turgnamh 2

Is féidir an turgnamh seo thíos a dhéanamh – níl de dhíth ach biorán, píosa sreinge agus meáchan beag de chineál éigin (dhéanfadh meall Blu-tack cúis bhreá).

Ceangal an biorán de thaobh amháin den tsreang agus an meáchan den taobh eile – seo do líne ingir.

Croch an cruth s’agat in airde agus cuir an biorán isteach i gcoirnéal amháin de. Le peann luaidhe nó marcóir, rianaigh líne ar an chruth ar feadh na líne ingir.

An chéad líne ingir agat


Anois, croch an cruth dóigh eile agus cuir an biorán isteach arís – rianaigh líne eile.


Áit a dtrasnaíonn an dá líne a chéile – sin an meáchanlár.


I dtaca le bonn an táirge, tá sé le ciall go mbíonn na táirgí sin a mbíonn bonn níos leithne acu, níos cobhsaí. Ní gá ach súil a chaitheamh ar roinnt rudaí ón ngnáthshaol – rothair, mar shampla.

Aonrothach – samhlaigh an scaifte spásairí thuas a bheith ag iarraidh dul a rothaíocht air



Is cobhsaí gnáthrothar ná aonrothach agus tú ag rothaíocht ach is é an trírothach an rothar is cobhsaí ar fad, nó tá an bonn níos leithne.

Is é an trí-rothach an rothar is cobhsaí den triúr nó tá bonn níos leithne aige


Tá an prionsabal céanna amhlaidh le seastáin ceamara, ní sheasfaidh aonchosach ná déchosach leis féin ach seasfaidh an tríchosach go furasta leis féin mar cuireann sé bonn leathan faoin cheamara.

An seasfadh sé seo leis féin, dar leat?

I bhfad níos seasmhaí?


Is fiú cuimhneamh, áfach, gurb é leithne an bhoinn is tábhachtaí, ní líon na gcos ná na rothaí. Mar shampla, cé acu ba chobhsaí, an trí-rothach bándearg thuas, nó an rothar ceithrechosach thíos?

Amharc ar leithne an bhoinn – an dtitfeadh sé seo ar leataobh go furasta?


Sa teicneolaíocht agus dearadh, áfach, go fiú má bhíonn bonn breá leathan ag do tháirge, caithfidh tú aird a bheith agat ar a mheáchanlár.

Tá baint mhór idir cobhsaíocht an táirge agus áit a bhfuil a mheáchanlár.

Má bhíonn an meáchanlár iontach lárnach agus iontach íseal sa táirge atá á dhearadh agat beidh an táirge níos cobhsaí.

Smaoinigh ar chruth a bheadh ag claonadh ar leataobh. De réir mar a bhíonn an cruth ag claonadh, éiríonn an meáchanlár níos airde agus téann sé níos faide i dtreo taobh amháin. Bíonn an domhantarraingt ag iarraidh an meáchanlár a tharraingt ar ais go talamh. Caithfidh tú cuimhneamh go dtiteann rud chuig an phointe is cóngaraí ar talamh.

Samhlaigh an meáchanlár a bheith níos ísle agus níos lárnaí – ní thitfeadh sé chomh furasta céanna


Má bhíonn an meáchan lár íseal, agus lárnach, is mó seans go dtitfidh an bonn ar ais ar talamh, seachas an rud a thitim ar a thaobh. Ach má bhíonn an meáchanlár ard i do tháirge, de réir mar a chlaonann an táirge ar leataobh, éiríonn an meáchanlár níos cóngaraí don talamh, agus méadaíonn an dóchúlacht go dtitfidh an rud ar a thaobh.

Meáchanlár iontach íseal agus lárnach


Mar sin de, má bhíonn tusa ag obair ar tháirge sa teicneolaíocht agus dearadh agus más mian leat é a bheith chomh cobhsaí agus is féidir, is í an riail órga ná – dá leithne an bonn agus dá ísle an meáchanlár, is amhlaidh gur cobhsaí an táirge.