Titanic


Long Bhriotanach a bhí in RMS Titanic. Long nó línéar paisinéirí a bhí inti. D’imigh sí go tóin na farraige ar an 15 Aibreán sa bhliain 1912, ar a céad turas. Fuair 1,500 duine bás sa tubaiste seo, rud a thug clú agus cáil don long seo go dtí an lá atá inniu ann.

Tagann an t-ainm Titanic ó mhiotaseolaíocht na Gréige agus ciallaíonn sé ollmhór. Seasann RMS do Royal Mail Ship. Ag an am sin, ba leis an Bhreatain Éire ar fad. Tógadh Titanic i mBéal Feirste agus cionn is gur leis an Bhreatain Béal Feirste, aithnítear Titanic mar long Bhriotanach. Ba chomhlacht Briotanach a thóg í.

 

Déantús Titanic

Bhí an comhlacht White Star Line ag obair le Harland and Wolff, longthógálaithe a bhí lonnaithe ar Oileán na Banríona i gcuan Bhéal Feirste. Rinne siad trí long thart ar an am céanna; RMS Olympic, RMS Titanic agus HMHS Britannic. J. Bruce Ismay a bhí i mbun White Star Line agus ba mhian leis a chuid long a bheith níos mó agus níos cumhachtaí ná longa a rinne comhlachtaí eile.

Thug White Star Line £3 mhilliún punt do Harland and Wolff leis an chéad dá long a dhéanamh. Chuir siad Lord Pirrie, stiúrthóir Harland and Wolff agus an White Star Line, an t-ailtire Thomas Andrews, Edward Wilding agus Alexander Carlisle a obair ar an tionscadal. Rinne siadsan an dearadh agus an plean do na longa agus d’aontaigh J.Bruce Ismay leo.

Bhí 15,000 fear ag obair ag Harland and Wolff ag an am seo. Bhí cuid mhaith den obair a rinne siad contúirteach agus ní raibh cúrsaí slándála róthábhachtach ag an am. Gortaíodh 246 duine nuair a bhí an obair ar siúl ar Titanic. Bhí 28 cás tromchúiseach ann, is é sin gur cailleadh lámha nó cosa. Fuair seisear bás ag obair ar an long féin agus beirt eile agus iad ag obair in aice léi. Go díreach sular seoladh an long, thit píosa adhmaid ar oibrí agus maraíodh é.

Seoladh an long i mí Bhealtaine 1911. Cuireadh síos 22 tonna de ghallúnach le hí a shleamhnú síos an fánán. Cuireadh amach ar an fharraige í ar thuras trialach le luasanna éagsúla a thriail. D’éirigh go maith léi agus uair an chloig i ndiaidh na trialach, d’fhág sí Béal Feirste den uair dheireanach.

Titanic ag imeacht ó Bhéal Feirste ar thuras trialach

 

Cur síos ar an long

Bhí Titanic 269.06 méadar ar fad agus 28.19 méadar ar leithead. Bhí sí 32 méadar ar airde. Bhí deich ndeic uirthi, ocht gcinn acu sin do phaisinéirí. Bhí paisinéirí chéad aicme (833), dara haicme (614) agus tríú haicme (1,006) ann agus dhíol na daoine sin praghsanna éagsúla as a dticéad. Bhí áiteanna éagsúla ar an long, mar sin, do dhaoine a raibh ticéid chéad, dara nó tríú haicme acu. Chomh maith leis na paisinéirí, bhí 900 de chriú ann. D’fhág sin go raibh 3,547 duine ar fad ar bord.

Ba mhian le déantóirí Titanic rudaí galánta a chur ar fáil dóibh sin sa chéad aicme. Bhí an long déanta mar a bheadh óstán ann. Bhí gutháin ann do phaisinéirí, bhí leabharlann agus gruagaire ann. Bhí linn snámha, ionad aclaíochta, cúirt scuaise agus folcadán Turcach ann don chéad aicme. Bhí bialann haute cuisine ann.

Bialann ar Dheic B

 

Ar ndóigh, ní raibh an tríú haicme chomh galánta leis an chéad aicme, ach go fóill féin, bhí sé níos fearr na longa eile ag an am. Bhí White Star Line ag iarraidh go mbeadh caighdeán níos airde ann do gach duine. Bhí seomraí leapa príobháideacha ann do phaisinéirí tríú haicme, rud nach raibh ar longa eile ag an am. Bhí leabharlann agus ionad aclaíochta ann do gach aicme chomh maith le háiteanna le siúl nó le suí.

Ionad aclaíochta leis na meaisíní aclaíochta is úire ag an am

 

Bhí staighre ollmhór ar Titanic a chuaigh suas seacht ndeic. Bhí an staighre seo le feiceáil i bpictiúir agus i scannán faoi Titanic ó shin.

An staighre clúiteach a bhí ar Titanic

 

Long Phoist

Cé gur long paisinéirí den chuid is mó a bhí in Titanic, d’iompair sí post chomh maith, mar a léiríonn an teideal RMS (Royal Mail Ship). D’iompair sí post don Royal Mail sa Bhreatain chomh maith le post d’oifig phoist Mheiriceá. Cuireadh an post seo i mbolg na loinge, atá thíos ag an bhun, chomh maith leis an bhagáiste a bhí ag paisinéirí. Bhí troscán agus carranna ann chomh maith. Bhí cúpla píosa ealaíne ann a bhí measartha luachmhar, pictiúr amháin, La Circassienne au Bain, arbh fhiú $2.4 milliún é in airgead an lae inniu.

La Circassienne au Bain le Merry-Joseph Blondell, an rud ba luachmhaire a cailleadh

 

Na Báid Tarrthála

Bhí 20 bád tarrthála ar Titanic; 14 de na gnáthbháid tarrthála a bhí ag Harland and Wolff agus 4 bhád infhillte, a dtiocfadh leo iad a fhilleadh, a bhí déanta as canbhás. Bhí na báid adhmaid ábalta 65 duine a iompar agus na cinn chanbhás ábalta 47 duine a iompair. Bhí bia, uisce agus blaincéid i ngach bád. Bhí riail ann maidir le báid tarrthála ag an am sin, mná agus páistí ar dtús. Bhí spás ar Titanic do 64 bád tarrthála, go leor do 4,000 duine ach shocraigh White Star Line gur leor 20. De réir an dlí agus na rialacha ag an am, ní raibh molta ach 16 bád tarrthála. Mar sin, chuir White Star Line báid tarrthála sa bhreis ann.

Ceann de na longa canbháis a bhí ábalta 47 duine a iompair

 

An Chéad Turas, agus an Turas Deireanach

Chuaigh Titanic ó Bhéal Feirste go Southampton, áit a gcuirfeadh sí tús leis an chéad turas seo go Meiriceá. Bhí White Star Line i ndiaidh oifigí a oscailt in Southampton agus bhí Southampton suite in áit mhaith le paisinéirí a thógáil. Thóg Titanic a céad phaisinéirí in Southampton, 923 san iomlán agus paisinéirí tríú haicme, den chuid is mó. Ansin, chuaigh sí go Cherbourg sa Fhrainc agus thóg sí 274 paisinéir eile, paisinéirí chéad aicme den chuid is mó. Ansin, chuaigh Titanic go Corcaigh, in Éirinn, chuig áit a raibh Queenstown uirthi. Thóg sí 123 paisinéir eile ansin. Paisinéirí tríú haicme ar fad iad, seachas 10. Ó saoradh an 26 contae i ndeisceart na tíre, d’athraigh an stát an t-ainm Queenstown ar ais go dtí an t-ainm ceart, an Cóbh.

Ar 1.30 i.n., ar an 11 Aibreán, d’imigh Titanic ar a bealach go Meiriceá.

Titanic ó chósta Chorcaí, Queenstown (a athraíodh go dtí an Cóbh)

 

Bhí Titanic le Meiriceá a bhaint amach ar maidin an 17 Aibreán. Bhí na chéad trí lá den turas go maith agus bhí an aimsir go maith. Thosaigh teachtaireachtaí a theacht ó longa eile maidir le cnoic oighir a bhí san fharraige. Dúirt siad le bheith cúramach fúthu. Ach bhí sé seo coitianta agus níor shíl an criú go raibh contúirt ar bith ann. Lean Titanic uirthi faoi lán luais.

Ar 11.40 ar an 14 Aibreán, chonaic duine den chriú cnoc oighir díreach rompu agus chuir sé scéal chuig an chaptaen. Rinne an criú iarracht an long a stiúradh thart ar an chnoc oighir ach bhí sé rómhall. Bhuail an long an cnoc oighir agus cuireadh poill i dtaobh na loinge. Líon uisce cúig cinn de na hurranna uiscedhíonacha, nó ceantair nár chóir d’uisce dul iontu. Bhí sé soiléir go measartha gasta go raibh an long i dtrioblóid agus an t-uisce ag líonadh gach ceann de na hurranna.

Ní raibh an criú ullmhaithe faoina choinne seo. Bhí dearcadh ann ag an am go raibh na longa móra seo slán sábháilte agus nach raibh contúirtí ann. Ní raibh go leor bád tarrthála ann go fiú. Agus bhí an criú chomh trína chéile sin gur cuireadh na báid tarrthála amach agus iad leathlán. Bhí spás sna báid tarrthála do 500 duine eile ach d’imigh siad gan iad. Bhí cuid mhaith de na paisinéirí tríú haicme san áit is ísle ar an long agus bhí cuid acu faoi ghlas ann, ní raibh siad ábalta éalú. Bhí riail ann ag an am, mná agus páistí ar dtús. Fágadh sin nár éalaigh cuid mhór de na fir a bhí ar bord.

Faoi 2.20 am, bhí an t-uisce ag líonadh isteach go gasta. Chuaigh taobh amháin den long síos faoin fharraige agus d’ardaigh an taobh eile san aer. Ag an phointe sin, bhris an long ina dhá chuid agus thit an t-iomlán léir isteach san fharraige. Bhí an fharraige thar a bheith fuar, -2°C, agus ní raibh mórán de sheans ag na daoine a thit isteach inti.


Ó bhuail sí an cnoc oighir ar 11:40pm, thóg sé 2 uair agus 20 bomaite ar an Titanic imeacht faoin uisce

 

An chéad turas, an turas deireanach

 

Tháinig thart ar 712 duine slán ón tubaiste. Tháinig long eile, an Carpathia leis na daoine sin a thógáil agus thug sí ar aghaidh go Nua-Eabhrac iad. Bhailigh 40,000 duine ag cé Nua-Eabhrac le fáilte a chur rompu agus le cuidiú leo le héadaí agus bia a thabhairt dóibh.

Cailleadh 1,500 duine. Fir is mó a cailleadh mar gheall ar an riail mná agus páistí ar dtús.

Na daoine a cailleadh -

 

Na Daoine a bhí ar Bord

Rinneadh Titanic i mBéal Feirste agus nuair a bhí sí réidh, cuireadh go Southampton í, áit a raibh oifigí ag White Star Line. Captaen Edward John Smith a bhí mar chaptaen Titanic. Tháinig an captaen agus an criú ar bord in Southampton, an chuid is mó acu ón bhaile féin. Bhí meascán de dhaoine sa chriú, innealtóirí, daoine a d’oibrigh don phost, cócairí, lucht raidió, ceoltóirí agus freastalaithe ina measc.

Bhí thart ar 1,317 paisinéir ar bord ar an turas seo cé go raibh sí ábalta 2,453 a iompar. Fir a bhí i 66% acu agus ba mhná iad 34%. Bhí 107 páiste ar bord, sa tríú haicme, den chuid is mó.

Bhí cuid mhór daoine mór le rá ag an am ar bord Titanic. Bhí sé ina rud mór ag an am ticéad a fháil don long chlúiteach seo ar a céad turas.

Bhí an billiúnaí Benjamin Guggenheim ar bord lena bhean, a valet nó a fhreastalaí agus a chauffeur. Tá scéal ann gur chuidigh sé le mná dul isteach sna báid tarrthála, ansin chuaigh sé ar ais chuig a sheomra, chuir sé air a chulaith is fearr le bláth sa pholl cnaipe agus chuaigh suas an staighre galánta agus é ag rá ‘Ghléas muid suas go galánta, agus tá muid réidh le dul síos mar fhir uaisle’.

Bhí John Jacob Astor agus a bhean Madeleine Astor ar bord. Bhí Madeleine ag iompar clainne ag an am agus thug siad freastalaithe agus banaltra leo chomh maith lena madadh beag, Kitty. Chuir Astor a bhean agus a banaltra ar bhád tarrthála. D’iarr sé cead dul leo ach níor ligeadh dó. Tá scéal ann go ndeachaigh sé ansin go conchró na madaí agus gur lig sé saor na madaí uilig a bhí ar bord. Chuaigh sé féin agus a valet síos leis an long.


John Jacob Astor IV, an duine ba shaibhre ar bord Titanic

 

Bhí Isidor Straus agus a bhean, Ida, ar bord. Ba le Isidor Straus an siopa mór clúiteach i Nua-Eabhrac, Macy’s. Dhiúltaigh Ida dul ar bhád tarrthála gan a fear céile. Sa deireadh, dúradh le hIsidor go dtiocfadh leis féin dul isteach i gceann de na báid lena bhean ach dhiúltaigh sé. B’fhearr leis go mbeadh na spásanna ann do mhná agus do pháistí eile. Sa deireadh, d’fhan an bheirt acu ar an long le chéile agus fuair an bheirt acu bás le chéile. Tá leac ina gcuimhne in airde in Macy’s i Nua-Eabhrac inniu.

Leac i Macy’s Nua-Eabhrac i gcuimhne Ida agus Isidor Strauss - “Their lives were beautiful and their deaths glorious”

 

Bhí an milliúnaí Margaret Brown ar bord. Bean shaibhir a bhí inti ach rinne sí cuid mhór oibre le cuidiú le daoine eile. D’eagraigh sí cistineacha ina ceantar féin le bia a thabhairt do dhaoine bochta agus chuidigh sí le mná oideachas a fháil. Ar Titanic, chuidigh Brown le daoine eile dul isteach sna báid tarrthála agus, sa deireadh, chuaigh sí féin isteach i mbád 6. Ní raibh an bád tarrthála ina raibh sí lán agus tá scéal ann gur ghlac sí féin an maide rámha, thiontaigh sí an bád tarrthála agus chuaigh siad ar ais le cuidiú le níos mó daoine. Tugadh ‘The unsinkable Molly Brown’ mar leasainm uirthi ina dhiaidh sin. Lean sí uirthi ag cuidiú le daoine eile le cearta a bhaint amach do gach duine.

Bhí an t-aisteoir, Dorothy Gibson, ar bord. Bhí sise ar a bealach go Meiriceá le scannán a dhéanamh. Tháinig sí slán i mbád tarrthála 7. Nuair a rinneadh an chéad scannán faoi thubaiste Titanic, rinne Dorothy Gibson a páirt féin. Chuidigh sí leis na scríbhneoirí an script a scríobh agus chaith sí na héadaí céanna a bhí uirthi an oíche sin.

Dorothy Gibson sa scannán ‘Saved from the Titanic’ (1912)

 

Chuaigh J. Bruce Ismay ó White Star Line agus Thomas Andrews ó Harland and Wolff ar an turas seo. Nuair a bhuail Titanic an cnoc oighir, chuaigh Ismay ar cheann de na báid tarrthála canbháis agus tháinig sé féin slán. Cuireadh an locht airsean as an tubaiste ar fad ach, níos measa arís, gur tháinig sé slán i gceann de na báid tarrthála a bhí do mhná agus do pháistí. Chonacthas Andrews ag cuidiú le daoine go dtí an deireadh. Cailleadh é leis an long.

 

Titanic ag bun na farraige

Thar na blianta, rinneadh iarrachtaí Titanic a thógáil de ghrinneall na farraige ach níor tharla sin. Tá sí 3,700m thíos faoin fharraige agus níor éirigh le duine ar bith dul a fhad léi go dtí 1985. B’ansin a fuair siad amach gur bhris Titanic ina dhá cuid. Tá leath amháin den long measartha scriosta ach tá bail measartha maith ar an leath eile. Fuair siad troscán, píosaí den long, plátaí dinnéir, seodra, bróga agus a leithéid. Deir siad go mbeidh an long ar fad scriosta taobh istigh de 50 bliain agus nach mbeidh a dhath eile le feiceáil. Tugadh cuid mhaith de na rudaí amach as an long agus cuireadh in iarsmalanna iad.


RMS Titanic, Meitheamh 2004

 

Tionchar Titanic

Ó cailleadh Titanic, tá rialacha níos daingne ann do longa. Caithfidh longa go leor bád tarrthála a bheith acu do gach duine ar bord. Caithfidh an criú bheith traenáilte lena n-úsáid agus ar eagla go mbíonn tubaiste ann. Caithfidh longa a raidió a bheith ar obair 24 uair sa lá. Tá daoine fostaithe anois a choinníonn súil ar na cnoic oighir san fharraige agus a chuireann scéal chuig báid agus longa.


Iarsmalann Titanic, atá anois sa longlann inár tógadh Titanic

 

Spreag scéal RMS Titanic scéalta, amhráin, leabhair agus scannáin. Tá cuimhneacháin in áiteanna éagsúla ar fud an domhain.



Leabhar amháin bunaithe ar scéal Titanic, le Máire Zepf