Cad é mar a eitlíonn éin?


Baineann an cheist seo le cineál eolaíochta a dtugaimid ‘fisic’ uirthi agus baineann an fhisic, go mór mór, le rudaí a dtugaimid fórsaí orthu.

 

Fórsaí

San eolaíocht, ciallaíonn fórsabrú nó tarraingt ar rud, a athróidh an rud nó a athróidh an dóigh nó an treo a bhfuil an rud ag bogadh’.


An cur síos is fusa ar fhórsa ná gur cineál de ‘bhrú nó tarraingt’ é

 

Go ginearálta, bíonn níos mó ná fórsa amháin i bhfeidhm ar rudaí agus bíonn na fórsaí sin ag obair in éadan a chéile.

Má tá dhá fhórsa ann agus má tá an dá fhórsa cothrom lena chéile, ní bhogfaidh an rud.

Samhlaigh tú féin, i do sheasamh ar an urlár.

Tá an fórsa domhantarraingt do do tharraingt síos i dtreo chroílár an Domhain. Ach, creid é nó ná creid, tá fórsa eile ag teacht ón urlár. Ní ligeann an fórsa seo duit titim tríd an urlár*. San eolaíocht, thig linn a rá ‘go mbrúnn’ an t-urlár suas thú. Cionn is go bhfuil an dá fhórsa cothrom lena chéile, ní bhogann tú suas ná síos.


Ach má tá fórsa amháin níos láidre ná an fórsa eile, bogfaidh an rud, nó tiocfaidh athrú air.

Samhlaigh tú féin a bheith ag léim amach as eitleán. Tá an domhantarraingt do do tharraingt síos. Tá fórsa ann ón aer a chuireann bac ort agus tú ag titim** (thiocfadh linn a rá go bhfuil an t-aer ‘do do bhrú suas’)  ach tá an domhantarraingt níos láidre ná an fórsa aeir nó an ‘brú aeir’ seo. Mar sin de, titeann tú síos go talamh.


 

Fórsaí na heitilte

I gcás éin ag eitilt, bíonn 4 fhórsa i gceist:

 

 

Caithfidh an t-ardú a bheith níos láidre ná an domhantarraingt le go rachaidh an t-éan suas sa spéir agus caithfidh an a bheith níos láidre ná an chúltarraingt le go rachaidh an t-éan chun tosaigh sa spéir.

An cheist atá ann, cad é mar a tharlaíonn sé seo agus cén dóigh a gcoinníonn an t-éan na fórsaí seo faoi smacht?

Tá an t-ulchabhán ábalta a eití a úsáid leis na fórsaí uilig a choinneáil cothrom le go bhfanfaidh sé san áit chéanna sa spéir

 

Turgnamh

Tóg píosa páipéir agus faigh greim ar an dá choirnéal is cóngaraí dá chéile. Coinnigh an taobh seo den phíosa páipéir in aice le do bhéal agus séid síos ar bharr an phíosa páipéir.

Cad é a tharlóidh, dar leat?

Tá tú ag séideadh anuas ar an phíosa páipéir, mar sin, brúfaidh an t-aer ó do bhéal an páipéar síos… nach mbrúfaidh?

 

 

Bhuel, mar a fheiceann tú, ní bhrúfaidh! Tarlaíonn a mhalairt, agus luíonn an rud a tharlaíonn ag croí na heitilte.

Nuair a shéideann tú aer trasna an taoibh thuas den pháipéar, ardaíonn an páipéar


Nuair a shéideann tú aer iontach gasta trasna an taoibh thuas den phíosa páipéir, íslíonn tú an brú aeir ar an taobh thuas; fágann sé seo go mbíonn an brú aeir ar an taobh thíos níos láidre agus go mbrúnn sé an páipéar suas.

(Má smaoiníonn tú faoi, tá tú ag scuabadh cuid den aer ón taobh thuas ar shiúl. Éiríonn an t-aer níos tanaí ar an taobh thuas den leathanach agus ní bhíonn méid cothrom (ná brú cothrom) aeir ar an taobh thuas agus ar an taobh thíos. Bíonn an brú aeir níos láidre ar an taobh thíos agus brúnn sé an leathanach suas!)

Is féidir turgnamh eile a dhéanamh leis an rud céanna a thástáil:

 

Seo go díreach mar a oibríonn na fórsaí ar eite éin (agus ar eití eitleáin) agus é ag eitilt. Tá cruth speisialta ag eite an éin a fhágann go mbíonn bealach níos faide le dul ag an aer trasna an taoibh thuas den eite. Téann an t-aer níos gasta agus bíonn brú aeir níos ísle ann; fágann sé seo go mbíonn an brú aeir níos láidre ar an taobh thíos den eite.

Má tá an brú aeir níos láidre ar an taobh thíos, brúnn sé an eite suas

 

Ar ndóigh, ní tharlaíonn sé seo leis féin. Bíonn ar an éan cuid den fhórsa a chruthú dó féin fosta. ‘Ardú’ an t-ainm atá ar an fhórsa atá de dhíth ar an éan le dul suas. Thig leis an éan na heití a bhualadh in éadan an aeir le hardú breise a chruthú.

Fad is a bhíonn an brú aeir aníos agus an t-ardú a chruthaíonn an t-éan féin níos láidre ná an domhantarraingt agus an brú aeir anuas – fanann an t-éan san aer!

Nuair a bhualann sé a eití, thig leis an éan ardú agus a chruthú san am céanna

 

Bíonn ar an éan fórsa eile a chruthú más mian leis dul chun tosaigh. Tugaimid ar an fhórsa seo. Is fórsa chun tosaigh é .

Cúltarraingt an t-ainm a thugaimid ar an fhriotaíocht aeir a bhíonn ann nuair a bhíonn tú ag iarraidh taisteal chun tosaigh

 

Ar rith tú féin in éadan na gaoithe riamh? Ar mhothaigh tú an ghaoth do do bhrú siar. Tugaimid ‘cúltarraingt’ ar an fhórsa seo. Oibríonn sá agus cúltarraingt in éadan a chéile.

Úsáideann eitleán inneall leis an a chruthú agus lena bhrú féin chun tosaigh. Úsáideann an t-éan na heití. A fhad is gur láidre an sá ná an chúltarraingt, rachaidh an t-éan chun tosaigh.

Thig leis an éan na fórsaí atá ann san aer cheana féin a úsáid le cuidiú leis. Mar shampla, bíonn sé ina chuidiú má bhíonn an ghaoth ag séideadh an treo chéanna leis an éan, nó tugann sé seo beag breise dó.

Thig leis an éan aer te a úsáid fosta le hardú beag breise a thabhairt dó.

Tá a fhios againn go dtéann aer te suas

 

In amanna, ní bhíonn ar an éan mórán fórsa dá chuid féin a chruthú le fanacht san aer. Thig leis ‘luí’ ar shruthanna aeir a choinníonn in airde é. Ar an dóigh seo, úsáideann sé níos lú fuinnimh.

Tá an t-éan ag úsáid sruthanna d’aer te le cuidiú leis eitilt – ní chaithfidh sé a chuid fuinnimh féin a úsáid

Athraíonn sé cruth na heite le go mbeidh an domhantarraingt níos láidre ná an t-ardú, agus tagann sé ar ais go talamh!

 

Ansin, nuair a bhíonn an t-éan ag iarraidh teacht ar ais go talamh agus tuirlingt, athraíonn sé cruth a eití. Thig leis an t-ardú agus an sá a ísliú agus thig leis teacht ar ais go talamh go deas réidh…má dhéanann sé go leor cleachtaidh!

Chóir a bheith…cleachtadh beag breise de dhíth, b’fhéidir!