1. Tinte na hAmasóine – Léirscrios



Tá an Amasóin ar an fhoraois bháistí thrópaiceach is mó ar domhan


Dar leis an WWF (an Ciste Domhanda Fiadhúlra), d’imigh beagnach 20% d’fhoraois na hAmasóine as radharc sa leathchéad deireanach agus tá méadú gasta ag teacht ar an chéatadán sin. Maíonn Institiúid Náisiúnta Spástaighde na Brasaíle (INPE), a choinníonn súil ghéar ar ‘ghlanadh’ na foraoise báistí, gur baineadh 2254 ciliméadar cearnach d’fhoraois na hAmasóine i mí Iúil 2019 amháin, méadú tobann de 278% ó bhí an bhliain roimhe sin ann. 

Tá na billiúin crann caillte ó bhí an bhliain 1970 ann


Is iad feirmeoireacht bheostoic agus soighe, tógáil dambaí hidrileictreacha agus bóithre, an tionscal mianadóireachta agus tinte foraoise, príomhchúiseanna an dífhoraoisithe. Chomh maith leis an bhithéagsúlacht shaibhir atá ag an Amasóin, tá sí saibhir in acmhainní mianra freisin, lena n-áirítear ór, copar, tantalam, amhiarann, nicil agus mangainéis.

Is í an Amasóin an fhoraois thrópaiceach is mó ar domhan, clúdaíonn sí 5.5 milliún ciliméadar cearnach. Is seoid éiceolaíoch í atá faoi bhagairt ag an dífhoraoisiú agus ag na tinte foraoise atá ag éirí níos coitianta i rith an ama. Mar sin féin, ó tharla gur taifeadadh an líon is mó tinte riamh in 2019, léiríodh imní faoi mheon rialtas na Brasaíle i leith na foraoise báistí is mó ar domhan, ar sciath chosanta bharrthábhachtach í in éadan an athraithe aeráide. 


Deatach sofheicthe ón Spás 

Pictiúir den toit a thóg spásaire Iodálach darb ainm Luca Parmitano ón Spás-stáisiún Idirnáisiúnta (Íomhánna le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa)


Tharla an oiread sin tinte i mí Lúnasa 2019, go bhfacthas deatach ón spás. D’éirigh le duine de spásairí Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa, Luca Parmitano, pictiúir a ghlacadh a léiríonn deatach ag teacht ón Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta agus dúirt sé go raibh an smúiteán chomh forleathan sin, gur geall le scamaill é i gcuid de na pictiúir. 

Tháinig borradh ar líon na ndaoine ar fud an domhain a thosaigh de bheith ag tabhairt aird ar na tinte nuair a thosaigh lucht na meán sóisialta ar roinnt haischlibeanna a threochtáil. Chuaigh daoine i mbun agóide ar fud na cruinne, ag éileamh go ndéanfaí beart éigin chun deireadh a chur leis na tinte. 

Lucht agóide in Rio de Janeiro ar an 25ú Lúnasa, 2019, go leor daoine bundúchasacha ina measc

Pic le Rodrigo_jorda/Shutterstock


Thosaigh ceannairí iasachta a chaint amach ar na meáin shóisialta faoi dheireadh agus d’fhorbair siad plean chun na tinte a mhúchadh. Cé go mbíonn foraois na hAmasóine fliuch agus tais go hiondúil, is iad mí Iúil agus mí Lúnasa – tús an tséasúir thirim – na míonna is tirime sa réigiún. Úsáidtear tinte go minic chun tailte ‘a ghlanadh’ le haghaidh feirmeoireachta nó rainseoireachta agus, mar sin, is féidir a rá gur daoine a bhíonn taobh thiar den chuid is mó de na tinte. 


Cé chomh dona is a bhí na tinte?

Dhóigh tinte millteanacha machairí móra d’fhoraoisí trópaiceacha agus den sabhána. Léiríonn na figiúirí oifigiúla gur taifeadadh níos mó ná 87,000 tine sa Bhrasaíl sa chéad ocht mí de 2019 – an líon is airde ó 2010. Is é 49,000 an líon tinte a bhí ann i rith na tréimhse céanna in 2018. Dhearbhaigh NASA, a thugann a gcuid sonraí dóiteáin reatha d’INPE (Institiúid Náisiúnta Spástaighde na Brasaíle), go dtaispeánann an taifeadadh a rinne a gcuid braiteoirí satailíte freisin gurb í 2019 an bhliain ba mhinice tinte le beagnach deich mbliana roimhe sin. Ba líonmhar an méid tinte a tharla sa Bhrasaíl sna blianta 2000 – in 2005, go háirithe, nuair a tharla 142,000 tine sa chéad ocht mí den bhliain.

  Íomhá a chuir NASA ar fáil a léirigh raon na dtinte

Íomhá le NASA


Bíonn tinte foraoise coitianta san Amasóin i rith an tséasúir thirim, is é sin ó mhí Iúil go mí Dheireadh Fómhair. Is féidir na tinte a bheith ann de thoradh teagmhais nádúrtha, splancacha tintrí, cuir i gcás, ach mar sin féin, is feirmeoirí nó lucht leagtha crann is mó a thosaigh na tinte in 2019 agus iad ag réiteach talaimh i gcomhair barraí nó féaraigh. Bhí méadú suntasach le brath sna tinte agus iad ní ba mhó, ní b’uafásaí, agus ní ba sheasta le hais na bpríomhbhóithre i gcroílár Amasóin na Brasaíle.    


Dífhoraoisiú d’aon turas? 

Bhí baint dhíreach ag an dífhoraoisiú a rinneadh d’aon ghnó leis an mhéadú ar an líon tinte san Amasóin, agus ní de thoradh séasúr an-tirim a tharla siad, dar le hInstitiúid Taighde Comhshaoil na hAmasóine. Is minic a úsáidtear tinte mar bhealach chun talamh a réiteach le haghaidh rainsí beithíoch i ndiaidh oibríochtaí dífhoraoisithe. Is é an rud a dhéantar ná na crainn a ghearradh, an t-adhmad a fhágáil le triomú agus, i ndiaidh tamaill, é a chur le tine ionas go leasóidh an luaithreach an ithir. 

Is minic a úsáideann daoine tinte le dí-fhoraoisiú mídhleathach a dhéanamh


Ag úsáid a gcuid sonraí satailíte, rianaíonn INPE, i bhfíor-am, aon dífhoraoisiú a bhfuil amhras ann faoi. Seoltar foláireamh amach chun áiteanna a mharcáil arbh fhéidir gur bánaíodh iad. Seoladh níos mó ná 10,000 foláireamh i mí Iúil 2019 amháin. Tharla comhthitim ghéar sa líon tinte is mó a taifeadadh agus sna fíneálacha a tugadh amach de bharr sáruithe rialachán comhshaoil. Astaíodh a lán toite agus carbóin ó na tinte.

Thig leis na húdaráis satailítí a úsáid leis an dífhoraoisiú mídhleathach a rianú – tháinig an íomhá seo ó 2018

ESA/A.Gerst, CC BY-SA 3.0 IGO

Scaip scamaill mhóra deataigh ó na tinte ar fud réigiún na hAmasóine agus fiú níos faide. I rith an chéad ocht mí de 2019, scaoil na tinte a lán dé-ocsaíd charbóin, arbh ionann é agus 228 meigeathonna. D’astaigh siad aonocsaíd charbóin freisin - gás a scaoiltear nuair a dhóitear adhmad agus gan mórán rochtain ag an tine ar ocsaigin. An aonocsaíd charbóin sin - truailleán atá an-tocsaineach – scaip sí níos faide amach ná imeallbhord Mheiriceá Theas.


 


Gabhann Áiseolas.com buíochas le Coláiste Oiriall, Muineachán, as an ábhar seo a chur ar fáil dúinn