2. An tábhacht atá le téamh domhanda a rialú


abhantrach na hAmasóine – áit a maireann thart ar thrí mhilliún speiceas d’ainmhithe agus plandaí, chomh maith le milliún duine bundúchasach – ríthábhachtach chun an téamh domhanda a rialú. Ionsúnn a cuid foraoisí na milliúin tona de charbón gach bliain. Nuair a ghearrtar nó nuair a dhóitear crainn áfach, scaoiltear an carbón atá á stóráil acu amach san atmaisféar agus tig laghdú ar an acmhainn atá ag an fhoraois bháistí carbón a ionsú. 

Tá abhantrach na hAmasóine chomh mór sin go gcuimsíonn sí roinnt tíortha


Chonacthas freisin in 2019 líon ard tinte i dtíortha eile in abhantrach na hAmasóine – ag a bhfuil achar de 7.4m km²/ (2.9m míle²). Bhí an dara líon tinte is mó i Veiniséala, áit ar tharla níos mó ná 26,000 tine agus bhí an Bholaiv sa tríú háit, le níos mó ná 19,000 tine. Is méadú 79% é sin ó 2018. Léiríodh méadú 92% i bPeiriú fosta, a bhí ar an chúigiú háit ba mheasa. 

Measadh gur mhéadaigh líon na dtinte sa Bholaiv faoi dhó laistigh de sheachtain ag deireadh mhí Lúnasa. Chuaigh sin i bhfeidhm ar thart ar mhilliún heicteár – nó níos mó ná 3,800 míle cearnach. Fuair an Bholaiv Boeing 747 ar cíos ó na Stáit Aontaithe le huisce a dhoirteadh agus ghlac siad le tairiscint cúnaimh ó cheannairí G7. Seoladh breis oibrithe éigeandála chuig an réigiún agus tógadh tearmainn d’ainmhithe arbh éigean dóibh a tharrtháil ó na tinte.  


Tháinig ardú ar líon na dtinte sa réigiún in 2018 / 2019


Cad é an nasc idir sin agus an t-athrú aeráide? 

Luann Greenpeace go bhfeidhmíonn tinte foraoise agus athrú aeráide mar fháinne fí. De réir mar a ardaíonn líon na dtinte, bíonn ardú sna hastaíochtaí gáis cheaptha teasa fosta. Tugann sin ar theocht an phláinéid ar fad ardú, a dúirt an eagraíocht. Agus an teocht ag ardú, bíonn teagmhais aimsire eisceachtúla, amhail olltriomaigh, ag éirí níos coitianta. Leanann Greenpeace orthu á rá: “I dteannta ardú astaíochtaí, cuireann dífhoraoisiú le hathrú i bpatrúin bháistí sa réigiún atá faoi thionchar na dtinte, rud a chuireann, ar a sheal, le fad an tséasúir thirim agus, dá réir, leis an dochar a dhéantar d’fhoraoisí, don bhithéagsúlacht, don talmhaíocht agus do shláinte an duine.” 

Grafaic a d’ullmhaigh NASA a léiríonn astaíochtaí aon-ocsaíd charbóin ó na tinte san Amasóin


I mí Lúnasa 2019, d’eisigh NASA mapa ag léiriú an mhéid aonocsaíd charbóin a bhí bainteach leis na tinte sa Bhrasaíl idir an 8 Lúnasa agus an 22 Lúnasa. Thaispeáin an mapa beochana scamall d’aonocsaíd charbóin ag bláthú in iarthuaisceart réigiún na hAmasóine, ag bogadh soir agus ó dheas ansin i dtreo São Paulo. 


Cad iad na ceantair ar cuireadh as dóibh? 

Scaip na tinte go dtí an Bholaiv agus Paragua agus bhí an deatach le brath san Uragua agus san Airgintín fosta. Roimhe sin, léirigh íomhánna satailíte tinte sna stáit Bhrasaíleacha Amazonas, Rondonia, Para agus Mato Grosso. Bíonn éifeachtaí ag an damáiste ar an Amasóin ar níos mó tíortha ná an Bhrasaíl agus a comharsana. Gineann foraois bháistí an cheantair níos mó ná 10% d’ocsaigin an domhain agus is inti a mhaireann 10% den bhithéagsúlacht sa domhan, ar a bhfuil eolas againn. 

Íomhá shatailíte de na tinte agus na teorainneacha idirnáisiúnta curtha sa mhullach uirthi (Íomhá le NASA)


Tagraítear don Amasóin mar “scamhóga an phláinéid” agus bíonn ról lárnach aici i rialú na haeráide. Dá mba rud é go n-imeodh an fhoraois bháistí in éag, thiocfadh athrú tobann ar an domhan, bheadh impleachtaí aige ar gach rud, idir fheirmeacha agus soláthar uisce. Taobh istigh de thréimhse 48 uair an chloig, roimh an 29 Lúnasa 2019, bhí níos mó ná 2,500 tine ghníomhach ann i bhforaois bháistí na Brasaíle. D’éirigh an spéir dorcha os cionn São Paulo, sa Bhrasaíl, ar feadh uair an chloig lá i ndiaidh do fhronta fuar de ghaotha tiontú agus deatach a thógáil leo ó cheantar beagnach 1,700 míle ar shiúl.    

Aontaíonn eolaithe go mbíonn tionchar ag na tinte ar an athrú aeráide. Más féidir go ndéanfadh an t-athrú aeráide aeráid na hAmasóine níos tirime…is fáinne fí a bheadh ann


Tinte Foraoise ar thosaigh daoine iad 

D’fhéadfá a mhaíomh go mbíonn dea-thionchair ag tinte ar roinnt foraoisí más rud é gur tine é ‘atá curtha in oiriúint don fhoraois’ – cuidíonn siad chun foraoisí a ghlanadh agus cuirtear spás ar fáil do chrainn níos láidre fás, ach, níorbh é sin an cás san Amasóin, a deir Yadvinder Malhi, Ollamh le hEolaíocht Éiceachóras in Ollscoil Oxford. 

“Is tinte iad seo a bhfuil muid buartha fúthu,”  ar seisean. “Ní rud rónádúrtha iad tinte i bhforaoisí bogthaise na hAmasóine agus, mar sin, ní fhéadann siad tinte a sheasamh rómhaith. Is daoine is cúis le beagnach gach tine i bhforaoisí bogthaise. Ar an ábhar sin, déanann tinte sna foraoisí seo damáiste mór.” 

Ní tharlaíonn tinte móra go nádúrtha san aeráid seo


Léiríonn staitisticí gur tharla líon suntasach tinte san Amasóin in 2016. Measadh gur “bliain triomaigh” ab ea í an bhliain seo – nuair a thit níos lú báistí. Bhí an fhoraois ní ba thirime agus, mar sin, bhí baol tine ní ba mhó ann. Ní raibh 2019 ina bliain triomaigh, mar sin féin. “Glacann sé idir 20-40 bliain ar an fhoraois athnuachan, má thugtar cead di,” a dúirt an tOllamh Malhi, ach, más rud é go bhfágtar tine ag dó, beidh na crainn a mhaireann thart uirthi i mbaol níos mó triomaigh agus tine cur isteach orthu amach anseo.

“Tá muid ag staid luath inar féidir go fóill a lán a dhéanamh leis na foraoisí a shábháil,” a deir an tOllamh Malhi. Tá beagnach 80% den Amasóin go fóill slán. Luann sé gur meascán dainséarach iad athrú aeráide agus dífhoraoisiú, áfach. Chruthódh laghdú báistí cúinsí tirime ina bhféadfadh tinte scaipeadh níos fusa. Dá nglanfaí 30-40% den Amasóin, bheadh baol ann go n-athródh aeráid na foraoise ar fad, a deir sé. Sna blianta roimh 2005, bhí ráta an-ard dífhoraoisithe sa Bhrasaíl. “Dá rachadh an Bhrasaíl ar ais chuig an staid sin, ghlacfadh sé 50-60 bliain le 40% den Amasóin a dhífhoraoisiú,” a deir an tOllamh Malhi. 

 

10% d’ocsaigin an domhain

Maíonn acadóirí go dtáirgeann an Amasóin beagáinín níos lú ná 10% d’ocsaigin an domhain. Scaoileann plandaí ocsaigin le linn próisis ar a dtugtar fótaisintéis, ina n-aistrítear solas gréine agus dé-ocsaíd charbóin go fuinneamh, i bhfoirm carbaihiodráití. Míníonn an tOllamh Malhi go dtáirgeann planctón sciar mór d’ocsaigin an domhain. Deir sé go dtagann 16% den ocsaigin a sholáthraíonn plandaí, a mhaireann ar talamh, ón Amasóin. 

Is minic a deirtear gurb í foraois na hAmasóine ‘Scamhóga an Domhain’ cé nach n-aontaíonn bunús na n-eolaithe leis an ráiteas sin.


I ndeireadh na dála, ionsúnn an Amasóin thart ar an mhéid chéanna ocsaigine is a tháirgeann sí, agus mar sin, bíonn an glantháirgeadh cothrom. Cé go dtáirgeann an Amasóin a lán ocsaigine i rith an lae tríd an fhótaisintéis, ionsúnn sé thart ar an leathchuid de sin arís trí phróiseas riospráide a dhéantar le fás. Úsáideann ithreacha na foraoise, ainmhithe agus miocróib tuilleadh ocsaigine. 



 


Gabhann Áiseolas.com buíochas le Coláiste Oiriall, Muineachán, as an ábhar seo a chur ar fáil dúinn