‘Teasc is dó’ – teicníc a úsáidtear go forleathan ar fud an domhain le coillte a ghlanadh. Gearr síos na crainn, úsáid an t-adhmad, dóigh an méid atá fágtha agus leasaíonn luaithreach na tine an talamh.
Dar le saineolaithe, is iad an dífhoraoisiú agus teicníc ar a dtugtar ‘teasc is dó’ is cúis leis an chuid is mó de na dóiteáin. Gearrtar paistí d’fhoraois, ligtear don talamh triomú, ansin lastar aon fhuíoll chun spás a chruthú i gcomhair talmhaíochta nó forbairtí eile. B’fhéidir go ndófaí an talamh fosta chun an ithir a leasú agus chun fás féir a spreagadh do bheithígh. Is í an Bhrasaíl príomheaspórtálaí mairteola an domhain, dar le Roinn Talmhaíochta Stáit Aontaithe Mheiriceá. Go leor de na ba seo, beathaíodh iad ar thalamh san Amasóin a mbíodh crainn ag fás air lá den saol.
Ba ag innilt ar thalamh a mbíodh crainn ag fás air
Cén fáth ar rud dáiríre é seo?
Baineann gach duine ar domhan tairbhe as sláinte na hAmasóine. Súnn a cuid crann dé-ocsaíd charbóin isteach agus scaoileann siad ocsaigin amach. Tá ról lárnach ag an Amasóin mar sin, ag tarraingt gáis cheaptha teasa a bhaineann le téamh domhanda amach as an atmaisféar. Gan í, d’éireodh an t-athrú aeráide níos measa. Ach, de réir mar a scriosann lománaíocht, mianadóireacht agus talmhaíocht tráchtála an fhoraois bháistí is mó ar domhan, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sí ábalta an chosaint chéanna a sholáthar.
Tugann eolaithe rabhadh go dtiocfadh dó go mbainfeadh an fhoraois bháistí pointe claochlaithe amach agus go mbeidh sí cosúil le sabhána agus nach mbeadh sí in ann maireachtáil mar fhoraois bháistí a thuilleadh. Chiallódh sin nach mbeadh sí ábalta an oiread céanna carbóin a ionsú. Má imíonn an Amasóin, mar atá eolas againn uirthi, in éag, beidh tionchar nach beag aige orainn. De réir mar a lobhfadh na plandaí agus na crainn, scaoilfeadh siad na billiúin tona de charbón a bhíodh á stóráil acu ar feadh na mblianta – bheadh sé beagnach dodhéanta éalú ó thubaiste aeráide.
Tá an t-athrú ag tarlú faoi láthair, tá codanna móra den Amasóin á n-athrú go sabhána againn
Cén dóigh a ndeachaigh siad i ngleic leis na tinte?
Truailliú aeir in São Paulo, mar gheall ar na tinte
Bhí toit na dtinte chomh dorcha sin, go raibh an chuma ar chúrsaí gur an oíche a bhí ann i rith an lae uair amháin in São Paulo. Chuir áitritheoirí in iúl go raibh sé deacair análú mar gheall ar chaighdeán an aeir. Fuarthas amach ó thaighde dhomhanda ar thruailliú aeir, go raibh an Bhrasaíl ar cheann de na háiteanna leis an mhéadú is géire i dtaca le rátaí báis nuair a bhíonn níos mó súiche san aer.
Chaith an cathaoirleach ar Choiste Bainistithe na dTinte Foraoise sa Bhrasaíl, Paulo Barroso, tríocha bliain ag troid in aghaidh tinte in Mato Grosso, ceann de na réigiún a mbíonn an tionchar is mó ag na tinte air. Dar le Barroso, bhí níos mó ná 10,400 de lucht múchta dóiteán scaipthe idir 5.5 milliún ciliméadar cearnach san Amasóin. Mhothaigh sé nár leor an líon sin daoine agus bhris tinte amach sna ceantair nach raibh siad in ann a chlúdach.
Fadhb mhór ab ea easpa na dtrodaithe tine
Chreid Barroso go raibh níos mó trealaimh agus infreastruchtúr níos leithne ag teastáil uathu chun troid i gcoinne na dtinte mar is ceart. Tá 778 réigiún riaracháin éagsúil ann ar fud na hAmasóine, ach, dar le Barroso, níl rannóg dhóiteáin ach ag 110 acu siúd. “Níl an struchtúr cuí againn chun na tinte foraoise a chosc, a smachtú ná a throid,” a deir Barroso. Ba mhian leis córas cosanta tinte foraoise a bhunú san Amasóin a thugann aonaid rialtais, pobail áitiúla, an t-arm, comhlachtaí móra, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ionaid oideachais agus taighde ar fad le chéile.
Ní gnáthmhodh comhrac dóiteáin é úsáid a bhaint as eitleáin i bhforaoisí trópaiceacha amhail an Amasóin, a deir Jos Barlow, ó Ollscoil Lancaster. Míníonn sé gur chóir úsáid a bhaint as toitbhearnaí tine a bheadh cruthaithe ag ollscartairí chun tinte a rialú i gceantair atá glanta ag an dífhoraoisiú – ach níl sin éasca a dhéanamh i gceantair iargúlta.
Toitbhearna – sórt trinse a choisceann an tine de bheith ag scaipeadh
Eitleán ag iarraidh dul i ngleic leis na tinte san Amasóin (Pic le Rafaela Fernanda05 / Shutterstock.com)
Más rud é go bhfuil na tinte sna foraoisí féin, tá gá le teaicticí eile. ‘Is féidir iad a rialú de ghnáth trí thoitbhearnaí tine caola san easair dhuillí a ghlanadh’ a deir Barlow “ach is saothar dian é sin ar an mhórscála, agus caithfear dul a fhad le tinte láithreach, sula n-éiríonn siad rómhór.” Is féidir na tinte a lastar d’aon ghnó a bheith níos deacra a mhúchadh in amanna i gcomparáid le tine thobann fhiáin as siocair gur cruthaíodh iad le bheith scriosach d’aon turas.