4. Ceist Polaitiúil Chonspóideach



Jair Bolsonaro, Uachtarán na Brasaíle ag an am (Pic le Ettore Chiereguini/Shutterstock)


Maíonn gníomhaithe gur spreag polasaithe frith-chomhshaoil Uachtarán na Brasaíle, Jair Bolsonaro, gníomhartha réitithe crann, ó tháinig sé i gcumhacht in Eanáir 2019. Nuair a bhí Jair Bolsonaro i mbun feachtasaíochta mar iarrthóir leis an eite dheis, mhol sé gur lú an talamh ba chóir a fhágáil i leataobh i gcomhair treibheanna bundúchasacha agus an chaomhnaithe san Amasóin. Ina áit sin, ba mhian leis go mbeadh sé níos éasca do lucht tionscail teacht isteach san fhoraois bháistí. Ó toghadh é go mall in 2018, chuir Bolsonaro an Roinn Talmhaíochta i gceannas ar chríochadóireacht na gcríoch dúchasach seachas an Aireacht Dlí agus Cirt. Taitníonn a chuid beartas polaitiúil le daoine a bhfuil suim acu i gcúrsaí tionscail agus talmhaíochta sa Bhrasaíl, ach cáineann grúpaí comhshaoil na Brasaíle iad.

Taitníonn polasaithe Bolsonaro le lucht gnó agus tionsclaíochta, ní thaitníonn le bundúchasaigh na hAmasóine (Pic le Fontana / Shutterstock.com)


D’fhéach Rialtas an Uachtaráin Jair Bolsonaro, a gheall go gceadódh siad tuilleadh forbartha san Amasóin, d’fhéach siad leis an aird a tharraingt ar shiúl ón dífhoraoisiú.  Thug sé bata is bóthar do Stiúrthóir na hInstitiúide Náisiúnta um Spástaighde de bharr aighnis faoi shonraí a d’eisigh sé a léirigh gur tháinig méadú mór ar an dífhoraoisiú a rinneadh ó chuaigh Bolsonaro i mbun rialtais.  D’eisigh Aire Comhshaoil na Brasaíle,  Ricardo Salles, tvuít inar mhaígh sé gurb iad an aimsir thirim, an ghaoth, agus an teas ba chúis leis na tinte scaipeadh chomh forleathan sin ach, fiú amháin le linn an tséasúir thirim, ní feiniméan nádúrtha é na tinte móra in éiceachóras trópaiceach na hAmasóine,  Sa deireadh, d’fhógair Bolsonaro cosc 60 lá ar thinte a lasadh chun talamh a réiteach.

Thug Bolsonaro an bóthar do Ricardo Galvão nuair a chuir sé amach eolas faoin mhéadú mhór a bhí tagtha ar an dífhoraoisiú ó tháinig Bolsonaro i gcumhacht (Pic le Wesley Sousa/Flickr CC BY 2.0)


Tá Bolsonaro i bhfách le dúshaothrú na bhforaoisí báistí 

‘Is linne an Amasóin, thig linn ár rogha rud a dhéanamh léi’ an teachtaireacht a bhí ag Bolsonaro do cheannairí an Domhain


Bhí eagla ar cheannairí bundúchasacha go dtiocfadh dlús le sruth d’fheirmeoirí soighe, rainseoirí agus comhlachtaí mianadóireachta agus uachtarán na Brasaíle ag brú ar son a leithéid de ghníomhaíochtaí a cheadú i limistéir a raibh cosaint acu roimhe sin.  Bheadh ainnise uafásach i ndán don phobal dá bharr.

Mar sin féin, bhí lucht gnó agus lucht lorgtha óir ag súil leis go gcuirfeadh Bolsonaro deireadh le tearmainn dúlra agus dúchais chun go mbeadh deis acu tairbhe thráchtála a bhaint astu agus rinne siad gearán, cé go raibh an Amasóin chomh saibhir sin, nach raibh cead acu cuid ar bith di a úsáid. In Rondônia, áit ar thacaigh 72% de lucht vótála leis an iarrthóir ón eite dheas i dtoghchán 2017, ba iad cláir fógraí Bolsonaro ab fheiceálaí ar na bóithre ar ar fógraíodh: “Athróimid cinniúint Rondônia agus na Brasaíle le chéile!” Níl an dearcadh sin ag teacht leis an éadóchas atá ag méadú i measc cuid mhór d’áitritheoirí na foraoise ar scriosadh a saol chóir a bheith sna 1960í nuair a brúdh agus a leagadh bóithre tríd an Amasóin faoi dheachtóireacht mhíleata na Brasaíle. 

Is minic coimhlint idir mianadóirí nó lománaithe mídhleacthacha agus treibheanna bundúchasacha. Tá an fear bundúchasach seo ag iarraidh é féin agus a mhuintir a chosaint in éadan na n-ionróirí


Le linn an fheachtais toghchánaíochta, gheall Bolsonaro go ndéanfadh sé na tailte dúchasacha a bhaint óna chéile agus ba é sin an fáth ar vótáil na rainseoirí ar a shon. Cuireadh i leith Bolsonaro gur chuir sé leis an ghéarchéim trí ionraí isteach sna tearmainn chosanta a spreagadh leis na gealltanais a rinne sé an Amasóin a fhorbairt, agus lena fhís i leith dul chun cinn a bhrú ar na bundúchasaigh. 

Oifigigh de chuid Ghníomhaireacht Cosanta Comhshaoil na Brasaíle ar lorg lománaithe mídhleathacha san Amasóin (Pic le Tarcisio Schnaider / Shutterstock.com)


Is minic a bhíonn ar shaighdiúirí armtha dul in éineacht leis na hoifigigh chomhshaoil le hiad a chosaint (Tarcisio Schnaider / Shutterstock.com)


Tarracóir a úsáideadh le crainn a ghlanadh. Ghabh na hoifigigh chomhshaoil é

  

Deir gníomhaithe timpeallachta gur furasta do lománaithe, feirmeoirí agus do lonnaitheoirí a bhíonn ar lorg talaimh nó adhmad luachmhar tabhairt faoi na críocha dúchasacha.  Níor thug Jair Bolsonaro, an té a tháinig i gcumhacht agus é ag gealladh go réiteodh sé limistéir mhóra den fhoraois bháistí le haghaidh forbartha, níor thug sé aon aird orthu.  De réir a chéile, tá na hinstitiúidí a bhí in ainm is a bheith ag cosaint na foraoise báistí lagaithe aige agus san am céanna thug sé tacaíocht mhorálta d’fheirmeoirí a bhí ag iarraidh an talamh a athrú ina rainsí eallaigh.


Cur i gcoinne sheasamh an Uachtaráin

Tá cáineadh nach beag déanta ar an Uachtarán Bolsonaro. Cuireadh easpa gnímh ina leith chomh maith le spreagadh lománaíochta, dífhoraoisiú agus feirmeoireacht san Amasóin. Lochtaíodh é as dúshaothrú meargánta agus as scriosadh acmhainn a bhfuil géarghá léi i dtodhchaí an chine dhaonna. “Is iad gníomhartha agus polasaithe rialtas Bholsonaro a spreagann daoine chun an Amasóin a scriosadh agus a cheadaíonn dífhoraoisiú gan stad gan staonadh. Ó chuaigh siad i gceann oifige, tá an rialtas reatha ag baint polasaí na Brasaíle as a chéile go síoraí seasta,” a d’fhógair Greenpeace na Brasaíle. 

D’impigh an eagraíocht an Ciste Domhanda Fiadhúlra ar an Bhrasaíl, an Bholaiv, an Cholóim, Peiriú, Eacuadór, Veiniséala agus an Ghuáin cosaint a thabhairt don Amasóin, troid i gcoinne an dífhoraoisithe agus cúiseanna na ndóiteán a laghdú. Rinneadh léirsithe agus agóidí in aghaidh sheasamh Rialtas na Brasaíle i bPáras, Londain, Baile Átha Cliath, Zurich, Maidrid agus Cóbanhávan. 

Creidtear gur lasadh go leor de na tinte san Amasóin d’aon turas. Níor cháin an tUachtarán Bolsonaro an dífhoraoisiú agus bhí sé i bhfách le talamh na hAmasóine a réiteach i gcomhair talmhaíochta agus mianadóireachta. Ba chuma le muintir na háite tinte a lasadh mar nach ndearna an rialtas aon iarracht cosc a chur orthu. Bhí a fhios ag lucht déanta na coire mar sin, fiú dá mba rud é go mbéarfaí orthu, nach mbeadh aon phionós á chur orthu. 

Ach léirigh lucht agóide in Düsseldorf sa bhliain 2020 an bharúil a bhí acusan ar Bolsonaro (Pic le Mimher / Shutterstock.com)


Freagairt Pholaitiúil Idirnáisiúnta 

Tá thart ar 60% den Amasóin laistigh de theorainneacha na Brasaíle, rud a thugann cumhacht ollmhór don náisiún sin ar an réigiún ina iomláine. Gan aon ionadh, tharraing na tinte aird idirnáisiúnta ar ghéarchéim na hAmasóine agus tá níos mó cáinte anois ar pholasaithe comhshaoil Bholsonaro.

D’éirigh an teannas idir Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, agus Bolsonaro iontach pearsanta nuair a mhaslaigh Bolsonaro bean Macron


Cuireadh brú polaitiúil, a bhíonn ag méadú i rith an ama, ar an Uachtarán Bolsonaro deireadh a chur le dó na hAmasóine. Dhiúltaigh sé pacáiste cabhrach $20 milliún ó na tíortha G7 a rachadh i dtreo múchadh dóiteáin san fhoraois bháistí. Dúirt Bolsonaro nach ndéanfadh an Bhrasaíl machnamh ar an chuidiú idirnáisiúnta ach amháin dá dtarraingeodh Emmanuel Macron, Uachtarán na Fraince, siar na ráitis a rinne sé. Tagairtí iad siúd a bhí ionsaitheach, dar le Bolsonaro, faoi pholasaithe a thíre i leith chosaint na bpobal dúchasach. Bhagair an tUachtarán Macron deireadh a chur le comhaontú trádála ollmhór idir an tAontas Eorpach agus Deisceart Mheiriceá mar thoradh ar fhaillí rialtas na Brasaíle. Bhí Uachtarán na Brasaíle sásta, áfach, glacadh le tairiscint de cheithre eitleán ó rialtas na Sile chun dul i ngleic leis na tinte agus seoladh 44,000 saighdiúir chuig seacht stát le troid in aghaidh na dtinte. 

Léirigh Uachtarán Veiniséala, Nicolás Maduro, imní i dtaca leis na tinte sa Bhrasaíl agus sa Bholaiv agus thairg sé cúnamh chun iad a mhúchadh. Chuir sé in iúl fosta a ndlúthpháirtíocht leis na pobail dhúchasacha sa Bhrasaíl, an Bholaiv, Eacuadór, Paragua, agus Peiriú. Thairg Príomh-Aire Cheanada, Justin Trudeau, $15 milliún a sheoladh i dteannta “buamaí uisce” le troid in éadan na ndóiteán.


Ár Sibhialtacht i gcontúirt 

D’eisigh Príomh-Aire na Fionlainne, Antti Rinne, ráiteas fosta inar mhaígh sé go raibh na tinte sa Bhrasaíl “an-tromchúiseach” agus go ndeachaigh sé i dteagmháil le Coimisiún na hEorpa faoi dtaobh díobh. “Tá foraoisí báistí na Brasaíle ríthábhachtach d’aeráid an domhain. Tá mé an-bhuartha faoin dearcadh atá ag údaráis na Brasaíle faoi láthair i dtaca lena gcuid foraoisí féin. Ba chóir go ndéanfadh an Bhrasaíl gach rud is acmhainn dóibh chun deireadh a chur leis na tinte atá ag cur ár sibhialtacht ar fad i mbaol," arsa an Príomh-Aire Rinne sa ráiteas.

Faoi dheireadh thiar thall, chuir an tUachtarán Bolsonaro fios ar arm na Brasaíle agus shlóg sé iad le dul i gcomhrac leis na tinte. Measadh nach dtabharfadh na paistí báistí a tuaradh don chéad dá sheachtain de Mheán Fómhair ach faoiseamh beag, agus nach gcuideodh sé leis na tinte a mhúchadh go hiomlán. Tuairiscíodh go dtitfeadh an fhearthainn a bhí tuartha don dá sheachtain ina dhiaidh sin sna háiteanna is lú a raibh gá léi. 

Ba mhó an méid acmhainní a bhí ag na fórsaí armtha chun dul i ngleic leis na tinte, lena n-áirítear héileacaptair agus eitleáin a úsáid chun uisce a dhoirteadh, ach chreid go leor daoine go fóill go raibh gá le hathrú meoin i gceannasaíocht an rialtais ó tharla go raibh daoine ag dó foraoisí gan náire agus níor léir gur chreid siad go raibh aon ghá cosc a chur leis an dífhoraoisiú. 

Héileacaptar de chuid an airm ag dul i ngleic leis na tinte


Mairteoil  

Tá mairteoil agus soighe ar dhá cheann de na tionscail a raibh baint acu leis na caora tine a loisc foraois bháistí na hAmasóine. Is í an Bhrasaíl an t-easpórtálaí mairteola is mó ar domhan. Is in 2018 a seoladh an méid is mó riamh, 1.64 milliún tonna, chuig na príomh-mhargaí s’aici - an tSín, an Éigipt agus an tAontas Eorpach, dar le Cumann Easpórtálaithe Mairtfheola na Brasaíle.

Tháinig borradh ar tháirgeadh na tíre le fiche bliain anuas, agus easpórtálacha a thomhaistear i dtaca le meáchan agus le luach araon ag méadú faoi 10 idir 1997 agus 2016. Is í an Amasóin a bhí thíos leis an fhás sin ar fad óir is uirthi a rinneadh an éadáil. “Is í an fheirmeoireacht eallaigh atá chomh leitheadach sin príomhchúis an dífhoraoisithe san Amasóin, le beagán níos mó ná 65% de thalamh dífhoraoisithe na hAmasóine ina thalamh innilte anois,” dar le taighdeoir Greenpeace, Romulo Batista. 


Pónairí Soighe 

Feirm soighe i dtalamh ‘a glanadh’ san Amasóin


Bhíodh pónairí soighe, ceann de phríomhbharra mhargadh na Brasaíle, ina gcúis mhór fosta leis an dífhoraoisiú, tráth den saol. Tharla méadú suntasach i saothrú na bpónairí sóighe sna 1970idí de bharr imirce na bhfeirmeoirí, forbairt teicnící úra saothraithe agus úsáid lotnaidicídí. D’easpórtáil an Bhrasaíl 83.3 milliún tonna de phónairí soighe in 2018, sin an méid is mó riamh, 22.2% níos mó ná a onnmhairíodh in 2017, dar le hAireacht Gheilleagair na Brasaíle. Is í an Bhrasaíl príomhtháirgeoir phónairí soighe Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach ar an iomlán is chun na Síne a sheolann sí an méid is mó. 

Tháinig méadú beagnach 30% in 2018 ar easpórtálacha phónairí soighe na Brasaíle chun na Síne a bhuíochas leis an aighneas trádála a tharla idir an tír sin agus Washington – is é rud a cuireadh brú ar Bhéising dul a chuardach foinsí eile den bharr a úsáideann siad le heallach a chothú. Úsáidtear thart ar 6.5% den talamh dífhoraoisithe san Amasóin le haghaidh talmhaíochta, ach tá laghdú tagtha ar tháirgeadh pónairí soighe chuige sin le himeacht aimsire. Tugadh isteach moratóir in 2006 ar cheannach soighe ó cheantair a bhfuil dífhoraoisiú díreach i ndiaidh a bheith déanta orthu, agus “ón bhliain 2008, is lú ná 2% den soighe a cuireadh san Amasóin a thagann ó cheantair dhífhoraoisithe,” arsa an tUasal Batista.



 


Gabhann Áiseolas.com buíochas le Coláiste Oiriall, Muineachán, as an ábhar seo a chur ar fáil dúinn