Mar a oibríonn an t-imghalú – próiseas a chuidíonn leis an Amasóin a cuid fearthainne féin a dhéanamh
Ní taisme thíreolaíochta ná mheitéareolaíochta í an fhearthainn a thiteann san fhoraois bháistí. Bíonn tionchar nach beag ag ollchrainn mhahagaine, chapac, agus chnónna Brasaíleacha na hAmasóine ar chóras uisce an réigiúin. Ionsúnn na crainn uisce báistí óna bhfréamhacha, ardaíonn siad é suas isteach sa cheannbhrat, agus scaoileann amach san aer é, próiseas ar a dtugtar imghalú. Scaoileann crainn meascáin orgánacha soghalaithe eile fosta a imoibríonn chun cáithníní beaga bídeacha a fhoirmiú. Feidhmíonn na cáithníní sin mar phointí núicléataithe chun scamaill a fhoirmiú agus, de réir a chéile, bíonn níos mó fearthainne ann dá bharr.
Nuair a mhéadaítear an patrún sin faoi na céadta billiún crann atá san fhoraois bháistí, cruthaítear meicníocht chumhachtach chun uisce a athchúrsáil agus chun báisteach a ghiniúint, rud a choinníonn fiú amháin na crainn is tartmhaire tais le linn aimsir thrópaiceach the. Cuidíonn an patrún tite báistí sin le talmhaíocht a chothú ar fud na Brasaíle agus taiscumair a líonadh a uiscíonn na príomhchathracha, ag cothú na milliún agus ag múchadh a dtarta. Tá na crainn sin ag dul in éag go gasta, áfach, in éineacht leis na toir, na féara, na fungais agus na baictéir ithreach a oibríonn lena dtaobh chun taise a scaipeadh. Tá ráta an dífhoraoisithe san Amasóin i ndiaidh ardú arís i ndiaidh dó a bheith ag titim ar feadh roinnt blianta, agus thart ar achar chomh mór le páirc sacair á chailleadh gach bomaite.
Níos lú fearthainne
Chomh luath agus a chailleann an fhoraois bháistí méid áirithe dá réimse, loicfidh ar an ollchóras éiceolaíoch seo. Ní bheidh go leor coillte trópaiceacha ann a thuilleadh le taise a ghalú ná a chomhdhlúthú go leanúnach tríd an fhoraois. Gan an timthriall frasaíochta sin, ní bhfaighidh an fásra atá sna réimsí ísle go leor uisce. Éireoidh an flóra sin lag ar a sheal agus scaipfidh sé níos lú taise tríd an aer, beidh fiú níos lú fearthainne sna ceantair fhoraoiseacha is ísle mar thoradh. Is leochailí arís a bheas na crainn spalptha seo agus lotnaidí nó tinte ag bagairt orthu.
Crapfaidh crainn thréana na hAmasóine agus tiocfaidh tonn mhór bháis aniar óna himeall agus leathfaidh sí ar fud na foraoise go dtí go n-athraíonn mórán dí ó bheith ina foraois dhlúth thrópaiceach ina sabhána gann agus tearc i bhfásra. Leanfaidh an timthriall ar aghaidh gan an t-ionchur s’againne agus is beag uilig a bheidh muid ábalta a dhéanamh le deireadh a chur leis. Tugtar prasbhás foraoise ar chás den chineál sin. Tuigtear do shaineolaithe anois go gciallaíonn an strus ar fad atá an cine daonna a chur ar fhoraois bháistí na hAmasóine – talmhaíocht, leagan crann, téamh domhanda – go bhfuil muid níos cóngaraí do chás mar sin ná mar a shíl muid roimhe seo.
De réir mar a chailltear na crainn, is mó seans go dtitfidh aeráid na foraoise báistí as a chéile
Impleachtaí do-aisiompaithe
I dteannta an dífhoraoisithe ó thionscail, tá foraois bháistí na hAmasóine faoi bhrú de bharr ardú meánteochtaí. Creideann taighdeoirí go n-ardóidh strus uisce sa réigiún mar gheall ar athrú aeráide sna blianta atá amach romhainn, de réir mar a éiríonn an séasúr tirim níos tirime. D’fhéadfadh an caillteanas foraoise sin, ar a sheal, athruithe san aeráid a dhéanamh níos measa, patrún a mbíodh eolaithe ag tabhairt rabhadh faoi leis na blianta.
Impleacht amháin a bhaineann le prasbhás substaintiúil is ea athdháileadh na linnte carbóin san éiceachóras agus mórchaillteanais charbóin ar ais isteach san atmaisféar. Mar shampla, de thoradh éifeachtaí aeráide an phrasbháis foraoise, mortlaíocht feithidí agus galair agus tionchair tinte, athraíodh aeráid mheasartha Cheanada ar na mallaibh agus an tír a bhí ina glanlinn charbóin roimhe, tá sí anois ina glanfhoinse charbóin. Is taiscumar ollmhór carbóin í an Amasóin, gona plandaí, ainmhithe, agus ithreacha ar fad. Mar sin, de réir mar a laghdaíonn sí de thoradh an dífhoraoisithe agus athrú aeráide, ní ag ionsú dé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar a bheas sí feasta ach ag glanastú gáis cheaptha teasa.
Is linn charbóin í an Amasóin ach nuair scriostar na crainn, scaoiltear cuid den charbón ar ais isteach san atmaisféar
Tá laghdú fadtéarmach feicthe againn cheana féin i dtaca leis an méid carbóin atá an Amasóin ábalta a ionsú. Laghdaigh an acmhainneacht aon trian sna 2010éaga i gcomparáid leis na 1990idí. Má leanann muid orainn ag dó foraoisí agus ag ligean do gháis cheaptha teasa brúchtadh leo gan stad, d’fhéadfadh sé go n-athródh cúrsaí go tobann. Tá thart ar 90 billiún tonna méadrach de charbón neadaithe san Amasóin, rud arb ionann é agus luach beagnach 10 mbliana d’astaíochtaí gáis cheaptha teasa. Bheadh seans ollmhór ann go n-éireodh an pláinéad níos teo dá mba rud é go gcaillfí an fhoraois bháistí.