6. Cad é is féidir linn a dhéanamh lena stopadh?


Tá an Bhrasaíl ar an easpórtálaí mairteola is mó ar domhan


Tá brú eacnamaíochta agus sóisialta ollmhór ann crainn na foraoise báistí a leagan agus í a fhorbairt don fheirmeoireacht, féarach, agus aistarraingt mianraí. Is í an Bhrasaíl, cuir i gcás, an t-easpórtálaí mairteola is mó ar domhan, agus is uaidh sin a thagann an t-éileamh chun an fhoraois bháistí a réiteach

I dtaighde a rinneadh in 2018, ríomhadh cén costas a bheadh ar na bearta a theastódh chun prasbhás san Amasóin a sheachaint. Fuarthas amach go gcosnódh 20 beart oiriúnaithe — amhail rialúchán uisce níos fearr, fuinneamh in-athnuaite díláraithe, teicnící talmhaíochta neamhthine — suas le $120 billiún, agus nach gcosnódh bearta maolaithe amhail dífhoraoisiú a laghdú ach $64 billiún. Tá sé costasach, ach is margadh maith é dar leis na húdair nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an damáiste sóisialta agus eacnamaíochta a thiocfadh le prasbhás foraoise. Ba é $957 billiún an meastachán costais is ísle thar 30 bliain ar phrasbhás san Amasóin agus ríomhadh gur $3.5 trilliún an t-uasmheastachán costais a d’fhéadfadh a bheith ann. 

Is mó i bhfad costas an dífhoraoisithe ná aon bhrabús atá le saothrú as


Níl sé éasca an fhoraois bháistí a athnuachan. Ní leor go díreach crainn a chur, is gá éiceachóras a thabhairt ar ais, lena n-áirítear an fiadhúlra, uiscebhealaí agus plandaí eile, iad ar fad ag feidhmiú in alt lena chéile. Thiocfadh dó go nglacfadh an phróiseas sin blianta fada. D’fhéadfadh sé go dtarlódh truailliú uisce agus ithreach i réigiúin áirithe, go háirithe iad siúd a dífhoraoisíodh le haghaidh mianadóireachta nó druileáil i gcomhair ola, agus bheadh gá le cuid mhór leasúcháin sula bhféadfadh foraois athfhás in áiteanna mar sin.

Tá i bhfad níos mó i gceist le hathfhás na foraoise ná díreach crainn nua a chur


Is é an rud is mó a bhfuil géarghá leis faoi láthair, an méid den fhoraois atá fágtha a chaomhnú. Is é atá i gceist leis sin ná na tinte atá ann a mhúchadh agus deireadh a chur leis an dífhoraoisiú chomh luath agus is féidir. Uaidh sin, is ar rialtas na Brasaíle agus ar an domhan ina iomláine a luífidh an dualgas córas a fhorbairt chun foraois bháistí na hAmasóine a shábháil agus a athbhunú fad is atá an t-éileamh i gcomhair bia, breosla, agus talamh ag ardú agus an daonra ag dul i méid.

Tá an t-éileamh ar bhia, breosla agus spás ag méadú – cad é mar a chaomhnaímid an fhoraois sa chomhthéacs seo?


Cén dóigh a lagaíonn dóiteáin Éiceachórais Fhoraoisí Báistí na hAmasóine? 

Bhain na tinte i bhforaois bháistí na hAmasóine in 2019 stangadh as muintir an domhain, agus thosaigh daoine a léiriú imní faoi cheann de na réigiúin is mó bithéagsúlacht ar domhan agus faoi mhéideanna móra carbóin a bheith á scaoileadh amach san atmaisféar. Tá ábhar imní eile ann, mar sin féin, a bhfuil neamhaird á tabhairt air den chuid is mó – acmhainn níos lú agus níos lú a bheith ag na héiceachórais san Amasóin iad féin a chur ar ais ina gceart i ndiaidh an méid sin a fhulaingt arís agus arís thar na blianta. 

Tá sé ag éirí níos deacra d’éiceachórais na hAmasóine teacht aniar a dhéanamh i ndiaidh gach babhta díforaoisithe


Is de bharr gníomhaíochtaí an duine a tharlaíonn na tinte ar fud fhoraois na hAmasóine. Úsáideann rainseoirí, feirmeoirí agus gadaithe talaimh an tine leis an talamh a réiteach nó le féaraigh a athnuachan le haghaidh rainseoireachta, agus úsáideann grúpaí áitiúla agus dúchasacha í chun páirceanna a leasú agus a réiteach le haghaidh talmhaíocht thraidisiúnta.  

Roinnt de na háiteanna sin a réitíodh, fágtar tréigthe iad ina dhiaidh sin agus tagann athfhás orthu – tá dóchas éigin sa mhéid sin ar a laghad. Ach ní fhásann na foraoisí nua go díreach mar a bhí na chéad chinn dhúchasacha. Léiríodh i staidéir a rinneadh, de dheasca úsáid rialta tinte chun talamh a bhainistiú, nach bhfásann na foraoisí úra ach go mall agus gur ar éigean is féidir leo an bhithéagsúlacht shaibhir a bhíodh iontu a athchruthú agus gur lú go mór an acmhainn atá iontu an carbón a stóráil.

Bíonn an t-athfhás foraoise iontach fadálach agus ní bhíonn an bhithéagsúlacht chéanna ann


Impleachtaí do lucht déanta cinntí

Tá geallta ag an Bhrasaíl 120,000 ciliméadar chearnacha de thailte díghrádáithe a athghabháil faoin bhliain 2030 mar chuid den iarracht dhomhanda chun na ceantair seo a athnuachan ach an sprioc chun 1 bhilliún tonna dé-ocsaíd charbóin a aonrú nó a chur i bhfolach, ní féidir é sin a bhaint amach ach ar thailte neamh-dhíghrádaithe nó i gceantair nach ndóitear go rialta.

Tá tuairim is aon trian de na foraoisí tánaisteacha san Amasóin ag fás os cionn tailte féaraigh tréigthe agus talmhaíochta.  Mar sin féin, cuireann úsáid fhorleathan tinte agus tréimhse dhíomhaoin de níos lú ná cúig bliana bac ar chúrsa nádúrtha teacht chun cinn sna foraoisí sna ceantair sin.  A luaithe is a thréigtear iad, bíonn na tírdhreacha ídithe foraoise seo gafa i staid neamhfháis a d’fhéadfadh maireachtáil ar feadh na mblianta. Fásann siad ag ráta mall, agus ní gnáthóga iad ach do líon teoranta speiceas, aonraíonn siad carbón ag rátaí ísle agus is beag is fiú iad ag daoine lena mbeatha a shaothrú iontu. 

Más amhlaidh gur mhaith le rialtas na Brasaíle tailte dífhoraoisithe a athghabháil go héifeachtach, caithfidh sé céimeanna gníomhacha a thógáil chun cuidiú le borradh a chur faoi na foraoisí tánaisteacha. Tá gá le tacaíocht agus infheistíochtaí rialtais i dtograí athnuachana amhail crainn a phrúnáil, síológa a chur, athnuachan ithreach agus agrafhoraoiseacht má tá fíorluach ar bith eacnamaíoch nó éiceolaíoch le bheith acu do na glúnta den chine dhaonna atá le teacht agus don phláinéad amach anseo. 

Ní mór na foraoisí tánaisteacha a bhainistiú níos fearr. Is féidir an phríomhfhoraois a fheiceáil ar an taobh thall den abhainn, agus an fhoraois thánaisteach a fheiceáil chun tosaigh


Is furasta ag bladhairí scaipeadh le linn aimsir níos teo

Is í an aimsir the, ar toradh í ar athrú aeráide, a chuidíonn le lasracha a thagann le linn an tséasúir thirim éirí níos mó ná a dhéanfadh siad de ghnáth.  Méadaíonn an téamh domhanda dóchúlacht agus minicíocht an loiscthe sléibhe agus na bhfalscaithe thart ar an domhan. Ba iad na cúig bliana ó 2015-19 na cinn is teo ar taifead ar fud na cruinne.   

Agus cúrsaí aeráide ag éirí níos tirime in go leor áiteanna ar domhan, beidh níos mó fadhbanna againn le falscaithe


Is iad na cúinsí teo agus tirime sa Leathsféar Thuaidh is cúis leis an téamh gan fhasach seo cionn is gur luaithe a leánn brat sneachta an gheimhridh, agus go dtarraingíonn an t-aer te níos mó taise ó na crainn agus ón ithir. Cuireann an easpa fearthainne le foraoisí loiscthe a bhíonn solasta. Chomh maith le loscadh sléibhe sa Bhrasaíl, bhí codanna den Cholóim Bhriotanach, Ceanada, Alasca agus 13.5 milliún d’acra na Sibéire ag dó ag aon am amháin i rith an tSamhraidh in 2019.



 


Gabhann Áiseolas.com buíochas le Coláiste Oiriall, Muineachán, as an ábhar seo a chur ar fáil dúinn