Go fiú sa lá atá inniu ann, bíonn eolaithe go fóill ag teacht ar speicis nua d’ainmhithe i bhforaoisí na hAmasóine – bheadh sé tubaisteach don domhan dá gcaillfeadh muid an bhithéagsúlacht seo
Creidtear gurb í Foraois na hAmasóine an áit is mó éagsúlacht ar domhan ó thaobh na bitheolaíochta de, de réir an Chiste Dhomhanda Fiadhúlra. Is í an fhoraois bháistí seo ceann de na tearmainn dheireanacha atá ann d’iaguair, iolair hairpí agus deilfeanna bándearga, agus is í is baile do spadáin, moncaithe géagacha dú-mhalacha agus froig dhearga shaigheadnimhe. Is ann a mhaireann ceann as gach 10 speiceas atá ar eolas ar an Talamh, 40,000 speiceas planda, 3,000 speiceas iasc fionnuisce, agus corradh le 370 cineál reiptílí. Táimid i ndiaidh teacht ar níos mó ná 2,000 speiceas nua de phlandaí agus veirteabraigh ón bhliain 1999. Is san fhoraois bháistí seo fosta a bhfuil cónaí ar níos mó ná míle speiceas dhifriúla d’éin.
Cónaíonn aon speiceas ainmhithe as gach deichniúr ar domhan san Amasóin, agus measann saineolaithe gur buille tubaisteach iad na tinte seo dóibh sa ghearrthéarma. Goilleann tinte go fíormhór ar phlandaí agus ar ainmhithe san Amasóin.
Na Bundúchasaigh
Creideann go leor pobal bundúchasach gur tosaíodh tinte d’aon turas chun iad a dhíbirt óna n-áit chónaithe
In aon seachtain amháin go díreach i lár mhí Lúnasa 2019, cláraíodh 68 tine i gcríocha agus i gceantair chaomhnaithe ina gcónaíonn treibheanna bundúchasacha. Bhí an chuid is mó díobh seo san Amasóin. Is deacair barraíocht béime a chur ar thábhacht na gcoillte seo do na pobail dhúchasacha. Bíonn siad ag brath orthu le haghaidh bia, leigheasanna, éadaí agus braistint féiniúlachta agus muintearais ach is mór na dreasachtaí atá ann na hacmhainní seo a ghoid. Tá daoine ag tabhairt fúthu san Amasóin ar feadh ar a laghad 11,000 bliain agus tá daonra de 34 milliún duine ann sa lá atá inniu ann, a bhfuil cónaí ar dhá dtrian díobh i gcathracha. Tá chóir a bheith trí mhilliún acu ina mball de 420 treibh dhifriúil, a bheag nó a mhór – agus maireann 60 acu sin go hiomlán san iargúltacht agus labhraíonn siad 86 teanga.
Tá cultúr agus stíl bheatha bhundúchasaigh na hAmasóine i mbaol
Is ithir thirim agus crainn thite atá thart ar a lán de na treibheacha bundúchasacha anois: sin an éifeacht atá ag an dífhoraoisiú as éadan agus ag na mílte falscaí foraois bháistí atá ag réabadh leo gan smacht ar fud na Brasaíle. Rinne ceannaire treibh bhundúchasaigh amháin an gháir mhairgní seo: “I dtaca linne de, is léirscrios é seo. Is ainghníomh inár n-éadan atáthar a dhéanamh anseo. Le gach lá dá dtéid thart, tchímid an slad ag tarraingt orainn – dífhoraoisiú, ionradh agus lománaíocht. Táimid faoi bhrón cionn is go bhfuil an fhoraois ag fáil bháis achan bhomaite. Braithimid an aeráid ag athrú agus tá an fhoraois seo againn de dhíobháil ar an chruinne. Tá an fhoraois de dhíobháil orainne agus tá an fhoraois de dhíobháil ar ár bpáistí.”
‘Scamhóga an talaimh’
Tá an tríú cuid d’fhoraoisí príomha na Cruinne san Amasóin agus, trí Abhainn na hAmasóine agus a cuid craobh-aibhneacha, soláthraíonn sí 20% d’fhionnuisce neamhreoite na Cruinne. Is í an Amasóin an abhainn is mó sa domhan agus – de réir cuntais áirithe ó tugadh faoi thaighde nua, a rinneadh in 2007 – an ceann is faide, a reáchtálann suas le 6,900 km. Feidhmíonn an fhoraois mar a bheadh linn charbóin ann, ag ionsú níos mó CO2 ná a astaíonn sí agus í ag scaoileadh ocsaigine, agus ag stóráil idir 90 agus 140 billiún tona de CO2, a chuidíonn le téamh domhanda a rialú ar fud na cruinne, de réir an Chiste Dhomhanda Fiadhúlra (WWF) ach tá an dífhoraoisiú ag laghdú ar a cumas chun CO2 a ionsú.
Tearmann na Bithéagsúlachta
Clúdaíonn abhantrach na hAmasóine, a shíneann amach 7.4 milliún km2, clúdaíonn sí chóir a bheith 40% de Mheiriceá Laidineach agus tá sí scaipthe thar naoi dtír: an Bholaiv, an Bhrasaíl, an Cholóim, Eacuadór, Guáin na Fraince, an Ghuáin, Peiriú, Suranam agus Veiniséala. Ta thart ar 60% di suite sa Bhrasaíl. Is í Foraois na hAmasóine, ina bhfuil 2.1 milliún km2 de chriosanna faoi chosaint, is baile do thearmann bithéagsúlachta nach bhfuil a leithéid chéanna le fáil aon áit ar domhan. Tá an ceathrú cuid de speicis an domhain le fáil inti eadhon 30,000 cineál planda; 2,500 iasc; 1,500 éan; 500 mamach; 550 reiptíl agus 2.5 milliún feithid, de réir Amazon Cooperation Treaty Organization/Eagraíocht Chonradh Comhair na hAmasóine (ACTO). Le 20 bliain anuas go díreach, thángthas ar 2,200 speiceas nua de phlandaí agus veirteabraigh san fhoraois dhochreidte seo dár gcuid.