Dífhoirmiú



Dífhoirmiú – cruth agus/nó méid ábhair a athrú nuair a imríonn tú fórsa air.

 

Folúsfhoirmiú

Baintear úsáid as folúsfhoirmiú le múnlaí plaisteacha a dhéanamh. Go bunúsach, téann tú leathán teirmeaplaisteach go dtí go n-éiríonn sé solúbtha. Ansin, súnn tú an t-aer uilig amach as an spás thíos faoin teirmeaplaisteach agus bogann tú an múnla suas ina éadan. Fágann an easpa aeir go dtarraingítear an plaisteach solúbtha anuas go néata thar an mhúnla.

 

De dhíth:

Folúsfhoirmitheoir – an gléas a úsáideann tú le folúsfhoirmiú a dhéanamh

Folúsfhoirmitheoir i saotharlann scoile theicneolaíochta

  

Leathán teirmeasplaisteach – is ionann teirmeaplaisteach agus cineál de phlaisteach a éiríonn solúbtha nuair a dhéanann tú é a théamh. Éiríonn sé crua arís nuair a fhuaraíonn sé. Thig leat é a théamh agus a fhuarú arís agus arís eile.

Leathán teirmeaplaisteach istigh sa ghléas, réidh lena chlampáil

 

Múnla teasdíonach – seo an cruth ba mhaith leat a chur sa teirmeaplaisteach s’agat. Ciallaíonn teasdíonach go dtig leis an mhúnla an teas a sheasamh, ní athróidh an teas a chruth.

Múnla simplí atá déanta as adhmad – táimid ag dul a chruthú cairr!

 

Déanann tú leathán teirmeaplaisteach a chlampáil isteach san fholúsfhoirmitheoir. Clampáiltear imill an leatháin isteach sa ghléas agus téitear an leathán teirmeaplaisteach go dtí go n-éiríonn sé solúbtha. Ansin, ardaítear múnla teasdíonach den chruth ba mhaith leat isteach sa phlaisteach bhog sholúbtha. 

Clampáiltear an leathán teirmeaplaisteach istigh san fholúsfhoirmitheoir…


Mar a ardaítear an múnla (bhí orainn an leathán a bhaint ar shiúl le go bhfeicfí é seo mar is ceart)


Súnn folúschaidéal an t-aer amach as an ghléas. Istigh san fholús seo, déanann an brú atmaisféarach an leathán teirmeaplaisteach a bhrú go dlúth thar an mhúnla.

 Súnn an folúschaidéal an t-aer amach (mar a bheadh folúsghlantóir ann)


Úsáidimid teirmeaplaisteach mar go mbímid ábalta é a théamh agus a mhúnlú agus a athmhunlú agus a atéamh arís is arís eile. Is í polaistiréin ardtuinsimh an teirmeaplaisteach is coitianta a úsáidtear.

Seo polaistiréin a bhfuil rud beag rubair curtha léi. Fágann sé seo go mbíonn sí níos láidre agus níos marthanaí ná gnáth-pholaistiréin agus go dtig léi glacadh le níos mó tuinsimh (rud a bhualadh nó a bhrú). Ós rud é gur teirmeaplaisteach í, thig leat í a théamh agus a mhúnlú arís agus arís eile.

Teirmeaplaisteach – Is féidir an pholaistiréin ardtuinsimh seo a leá, a mhúnlú agus a fhuarú arís agus arís eile (Pic le Laura Wallace)


Na céimeanna san fholúsfhoirimiú

 

  1. Déantar an foirmeán ar dtús – seo an cruth ar mhaith leat do phlaisteach a mhúnlú thart air. Is gnách go n-úsáidtear adhmad bog leis an fhoirmeán a dhéanamh. Déantar faobhair a dheilbhiú ar uillinn de 3º. Fágann sé seo go mbíonn sé níos fusa an foirmeán a bhaint amach as an phlaisteach ag an deireadh, agus an plaisteach múnlaithe thairis.
  2. Cuirtear an foirmeán isteach san fholúsfhoirmitheoir.
  3. Clampáiltear leathán teirmeaplaisteach isteach san fholúsfhoirmitheoir, os cionn an mhúnla.
  4. Lastar na heilimintí téimh. Éiríonn an plaisteach bog solúbtha. Bíonn stangadh le feiceáil sa phlaisteach de réir mar a fhorbraíonn sé agus é á théamh.
  5. I ndiaidh cúpla bomaite, bíonn an plaisteach solúbtha go leor lena fhoirmiú.
  6. Múchtar na heilimintí téimh ag an phointe seo agus bogtar an múnla aníos go dtí go nglasáiltear isteach san áit cheart é.
  7. Cuirtear ‘an folús’ sa siúl ansin. Úsáidtear pumpa speisialta darb ainm folúschaidéal leis an aer uilig a phumpáil amach as an fholúsfhoirmitheoir. Nuair a dhéantar seo, tarraingíonn an titim sa bhrú aeir istigh san fholús an teirmeaplaisteach bog anuas go dlúth thar an mhúnla. Bímid in ann cruth an mhúnla a fheiceáil sa phlaisteach. Bíonn orainn fanacht ansin go dtí go n-éiríonn an teirmeaplaisteach fuar arís. Nuair a bhíonn sé fuar, múchtar an folúschaidéal.
  8. Osclaítear na clampaí agus ba cheart go mbeadh an plaisteach furasta a bhaint ón mhúnla. Bíonn cruth an mhúnla le feiceáil ar dhromchla an leatháin phlaistigh.
  9. Is féidir ansin an plaisteach breise nach bhfuil de dhíth a ghearradh ar shiúl le nach mbíonn fágtha ach an cruth.

Et voilà! An táirge deiridh

 

PróiseasC


Is féidir an teirmeaplaisteach a fháil ar dhathanna difriúla agus is féidir leatháin thrédhearcacha a fháil go fiú. Úsáidtear an folúsfhoirmiú le cuid mhór cineálacha difriúla táirgí a dhéanamh – mar shampla, maisc phlaisteacha, coimeádáin agus coinneálaithe, bréagáin phlaisteacha.

Is as teirmeaplaisteach a dhéantar aghaidheanna fidile na Samhna (Pic le Fuzzy Gerdes)

 


Lúbadh líne

Úsáidtear gléas darb ainm stialltéitheoir le leathán teirmeaplaisteach a théamh ar feadh líne iontach tanaí, gan ach cúpla milliméadar ar fad. Ansin, bímid in ann an plaisteach a lúbadh ar feadh na líne seo. Ag brath ar an ábhar atá le lúbadh agat, bíonn teocht de thart ar 130º sa stiall the. Nuair a bhíonn an t-ábhar bog so-lúbtha, thig leat é a lúbadh chuig an uillinn is mian leat. Bíonn ort greim a fháil ar an phlaisteach agus é a choinneáil ag an uillinn cheart go dtí go mbíonn sé fuar arís lena chinntiú go ndéantar é a lúbadh mar is ceart. 

Is é atá i gceist leis an stiall ná sreang mhiotail thanaí a éiríonn iontach te nuair a chuirtear leictreachas tríthi


Ar ndóigh, is fusa i bhfad plaisteach a lúbadh ar an dóigh seo má úsáideann tú foirmeán agus an plaisteach a lúbadh thart air. Dá mbeifeá ag iarraidh uillinn 90º, thiocfadh leat foirmeán 90º a úsáid. 

Coinneálaithe bileog nó biachlár (pic le shutterstock.com)


Is féidir rudaí bunúsacha a dhéanamh ar an dóigh seo, mar shampla, coinneálaithe bileog nó bréagáin.

 


Filleadh Miotail


Úsáidtear inneall fillte miotail le leatháin thanaí de mhiotal a fhilleadh. Cuirtear an leathán miotail isteach san inneall agus clampáiltear é le go bhfanfaidh sé san áit cheart. Ansin, úsáidtear hanla lena fhilleadh thar fhoirmeán. Bíonn inneall den chineál seo thar a bheith úsáideach nuair is gá miotal a fhilleadh ag an uillinn chéanna cuid mhór uaireanta.

Rudaí a dhéantar le próiseas fillte an mhiotail: eití radaitheoir, píopaí agus boscaí.

D’fhéadfaí brac mar seo a dhéanamh le hinneall fillte miotail