Tástáil corpacmhainne sa Spórt



Intreoir

Chun tacú le forbairt na corpacmhainne fisicí, caithfidh lúthchleasaithe an tábhacht a bhaineann le tástáil corpacmhainne a thuiscint. Tá sé ríthábhachtach don lúthchleasaí agus don chóitseálaí araon cloí leis na nósanna imeachta cearta agus a bheith eolach ar an dóigh leis na torthaí a léirmhíniú.



Ábhair

  • Cén fáth tástáil corpacmhainne a dhéanamh?
  • Nósanna imeachta cearta chun tástáil corpacmhainne a dhéanamh
  • Cad é mar a dhéanaimid na torthaí a léirmhíniú agus a úsáid?
  • Tástáil saotharlainne


Cén fáth tástáil corpacmhainne a dhéanamh?

  • Láidreachtaí agus laigí a shainaithint – torthaí a chur i gcomparáid, ag baint úsáid as táblaí normatacha
  • Monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn – corpacmhainn bhonnlíne, go háirithe ag céim úr traenála
  • Spriocanna a leagan síos – dreasacht chun feabhsú, spreagadh agus gnóthachtáil
  • Sainaithint tallainne – láidreachtaí, laigí agus acmhainneacht a shainaithint


Nósanna imeachta cearta chun tástáil corpacmhainne a dhéanamh

  • Comhpháirteanna sonracha corpacmhainne a bhaineann le gníomhaíocht a shainaithint
  • Tástálacha cuí a roghnú
  • Prótacail tástála a chaighdeánú
  • Na tástálacha a dhéanamh chomh sainiúil don spórt agus is féidir


Iontaofacht:

Meastar go mbíonn an tástáil iontaofa má bhíonn na torthaí comhleanúnach agus má dhéantar arís agus arís eile iad ar ócáidí éagsúla. Ba cheart go mbeifeá in ann an toradh céanna nó toradh comhchosúil a fháil in dhá thriail ar leith. Tá sé seo tábhachtach mar is minic a bhíonn athruithe beaga ar na scóir á lorg agat.


Bailíocht:

Is é atá i gceist le bailíocht ná cé acu a dhéanann na tástálacha tomhas i ndáiríre ar an mhéid a bhí beartaithe acu a thomhas. Is féidir tástálacha a bheith iontaofa ach gan a bheith bailí (e.g. Cé go dtabharfaidh an dinimiméadar greama torthaí iontaofa, ní tástáil bhailí ar neart coise é mar ní thomhaiseann sé ach greim láimhe).

Dinimiméadar greama – gheobhaidh tú torthaí beachta, ach ní torthaí bailí iad le neart coise a thomhas


An dóigh ar féidir torthaí a úsáid agus a léirmhíniú

Mura mbíonn tú eolach ar bhrí na n-uimhreacha sna torthaí, is beag is fiú na tástálacha. Caithfidh brí a bheith leis na torthaí ionas gur féidir iad a úsáid chun clár traenála a choigeartú. Chun barúil a fháil ar cad is brí leis na torthaí seo, caithfimid iad a chur i gcomparáid leis na nithe seo a leanas:

  1. Do scóir tástála féin roimhe seo
  2. Torthaí lúthchleasaithe eile i do ghrúpa
  3. Táblaí normatacha (Táblaí a fhaightear ó thorthaí na gcéadta nó fiú na mílte lúthchleasaí eile)
  4. Lúthchleasaí idirnáisiúnta nó scoth-lúthchleasaí


Seiceáil Ghasta

  • Déanaimid tástáil corpacmhainne, den chuid is mó, chun monatóireacht a dhéanamh ar ár ndul chun cinn, go minic i ndiaidh tréimhse traenála.
  • Chun láidreachtaí agus laigí i leibhéil corpacmhainne a shainaithint agus spriocanna a leagan síos.
  • Sainaithin na comhpháirteanna riachtanacha a bhaineann go sonrach leis an ghníomhaíocht sin.
  • Roghnaigh tástálacha cuí a bhaineann go sonrach, a oiread agus is féidir, leis an ghníomhaíocht.
  • Na nósanna imeachta tástála go léir a chaighdeánú, chun na torthaí is cruinne agus is féidir a tháirgeadh.
  • Ba cheart go gcinnteofaí leis na pointí thuas go bhfuil na tástálacha chomh hiontaofa agus chomh bailí agus is féidir. Is féidir na torthaí a chur i gcomparáid le do scóir roimhe seo, le táblaí normatacha, le scoth-lúthchleasaithe agus le baill eile sa ghrúpa traenála nó imeartha chéanna.


Tástáil Saotharlainne

Eolaí spóirt ag obair i saotharlann


Déantar na tástálacha is bailí agus is iontaofa i saotharlann. Is é an buntáiste a bhaineann leis na tástálacha seo ná go dtugann siad tomhas ceart duit ar an chomhpháirt a bhfuil tú ag díriú uirthi. Ach, tá siad measartha costasach, tógann siad an-chuid ama, agus, de ghnáth, bíonn trealamh costasach de dhíth lena ndéanamh.


Tástáil VO2max ar Mheaisín Reatha 

Is í an tástáil VO2max an tomhas de réir critéir maidir le neart aeróbach i lúthchleasaithe. Déantar cur síos anseo ar an mhodh chun VO2max a thomhas go díreach. Déanann cuid mhór tástálacha corpacmhainn aeróbach eile meastachán ar scór VO2max óna gcuid torthaí.

Mar a dhéantar Tástáil VO2max ar mheaisín reatha 


Trealamh atá de dhíth: Anailíseoirí ocsaigine agus dé-ocsaíd charbóin, meaisín reatha/eirgiméadar rothair cruinn. Is féidir aer easanálaithe a bhailiú agus an toirt a thomhas trí mhálaí Douglas nó umar Tissot, nó é a thomhas le spiriméadarsreabhmhéadar (gléas a thomhaiseann an méid aeir a thig leat a easanálú).


Cur síos / nós imeachta:

  • Déantar aclaíocht ar eirgiméadar cuí (meaisín reathaíochta nó rothaíochta).
  • Roghnaítear na hualaí oibre aclaíochta sa dóigh is go ndéanfar dul chun cinn de réir a chéile in incrimintí, ó dhéine mheasartha go huasdéine.
  • Trí anailíseoir gáis ríomhairithe, déantar iontógáil ocsaigine a ríomh ó thomhais ocsaigine agus dé-ocsaíd charbóin san aer easanálaithe agus san aeráil nóiméid, agus déantar an leibhéal uasta a chinneadh ag deireadh na tástála nó gar dó.
  • Scóráil: Cuirtear na torthaí i láthair mar l/nóiméad (lítir in aghaidh an nóiméid) nó ml/kg/nóiméad (ml ocsaigine sa chileagram de mheáchan coirp in aghaidh an nóiméid).
  • Meastar go bhfuil a VO2max sroichte ag an lúthchleasaí má tharla cuid de na nithe seo a leanas:
    • léibheann nó 'buaicphointe' in iontógáil ocsaigine;
    • uasráta croí sroichte;
    • cóimheas malartaithe riospráide de 1.15 nó níos mó bainte amach (nuair is mó an dé-ocsaíd charbóin atá á táirgeadh ná an ocsaigin atá á hionanálú).
  • Buntáistí: Cruinneas an tomhais - Is é a tharlaíonn anseo, le fírinne, ná go dtomhaiseann an tástáil seo tomhaltas ocsaigine an choirp. Déanann tástálacha eile iarracht é a mheas. Is féidir uasráta croí a thomhas chomh maith trí ráta croí a thaifeadadh le linn na tástála.
  • Míbhuntáistí: Am agus costais measartha ard de dhíth
  • Rudaí eile le tabhairt faoi deara: Is minic a bhíonn éagsúlacht idir feidhmíochtaí na gcóras anailíse éagsúil. Tá gá le calabrú docht do na córais a dhéanann tomhas ar ghás easanálaithe agus aeráil araon.
  • Aire: Is tástáil uasta í an tástáil seo, a éilíonn leibhéal réasúnta corpacmhainne. Ní mholtar í do lúthchleasaithe áineasa nó do dhaoine a bhfuil fadhbanna sláinte, gortuithe nó leibhéil ísle corpacmhainne acu.



Meáchan hidreastatach (Comhdhéanamh Coirp)

Cuspóir: is é an aidhm atá le meáchan a mheá faoi uisce ná dlús an choirp a thomhas, agus ón fhigiúr sin, an tsaill choirp a ríomh. Déanann tástálacha corpacmhainne aeróbaí scór VO2max a mheas óna gcuid torthaí.

Trealamh atá de dhíth: Umar meáite hidreastatach déanta as cruach dhosmálta, lena n-áirítear cathaoir agus scála suite faoi uisce, crios ualaithe agus fáiscín sróine.

Cur síos / nós imeachta:

  • Déantar meáchan an lúthchleasaí a thomhas ar dtús.
  • Ansin, suíonn an lúthchleasaí, agus gan ach fíorbheagán éadaí air, ar shuíochán speisialaithe. Déanann sé an t-aer go léir a easanálú as a scamhóga, agus íslítear isteach san umar é go dtí go mbeidh gach cuid den chorp faoin uisce.
  • Caithfidh an duine fanacht gan chorraí as faoi uisce go dtí go ndéantar an meáchan faoi uisce a thaifeadadh.
  • Déantar an nós imeachta seo arís agus arís eile chun tomhas meáchain iontaofa faoi uisce a fháil.

Scóráil: (Ní gá an chothromóid bheacht seo ar eolas agat do na scrúduithe)

Dlús Coirp = Wa / (((Wa - Ww) / Dw) - (RV + 100cc)), áit a bhfuil Wa = meáchan coirp san aer (kg), Ww = meáchan coirp in uisce (kg), Dw = dlús uisce, RV = toirt scamhóg iarmharach, agus is é 100cc an ceartú ar aer atá gafa sa chonair ghastraistéigeach. Is féidir an dlús coirp (D) a thiontú go saill choirp faoin gcéad (% BF) ag baint úsáid as cothromóid Siri

Buntáistí: Is í an mheá faoi uisce an tástáil is mó a úsáidtear le dlús an choirp a mheá agus, san am a chuaigh thart, ba í an tomhas de réir critéir í le haghaidh tomhais indíreacha eile.

Míbhuntáistí: Tá an trealamh atá de dhíth le meá faoi uisce a dhéanamh costasach. Bíonn na humair lonnaithe den chuid is mó in ollscoileanna nó in institiúidí taighde eile, agus de ghnáth, ní bhíonn sé furasta ag an phobal i gcoitinne orthu teacht orthu.

Bailíocht: D'fhéadfadh an modh seo gannmheas a dhéanamh ar shaill choirp chéatadánach lúthchleasaithe mar de ghnáth bíonn cnámha agus matáin níos dlúithe acu ná mar a bhíonn ag daoine nach lúthchleasaithe iad.

Grianghraf le Clifton J. Holmes PHD, CC BY


Tástáil Lúfaireachta 

Trealamh atá de dhíth: geataí uainiúcháin tosaithe/stad nó stopuaireadóir, dromchla reatha neamhsciorrach, cóin nó línte le fad a mharcáil

Cur síos / nós imeachta:

Socraítear marcanna faid 5 agus 15 mhéadar ó líne atá marcáilte ar an talamh.

Ritheann an lúthchleasaí ón mharc faid 15 mhéadar i dtreo na líne (seo an ruthag, fad beag a ritheann tú le luas a mhéadú) agus ansin trí na marcóirí 5 m. Casann sé ar an líne deiridh agus ritheann sé ar ais trí na marcanna faid 5 m.

Taifeadtar an t-am ón uair a ritheann na lúthchleasaithe tríd an mharc faid 5 mhéadar an chéaduair, agus stoptar é nuair a fhilleann siad trí na marcanna faid seo (is é sin, an t-am a thógann sé an t-achar 5m suas agus ar ais a chlúdach - 10 m san iomlán).

Taifeadtar an ceann is fearr de dhá thriail.

Ba cheart an cumas iompaithe ar gach cos a thástáil. Ba chóir an lúthchleasaí a spreagadh gan dul rófhada thar an líne, mar go méadóidh sé sin a chuid ama.



An Tástáil Wingate le haghaidh Neart Anaeróbach

Tástáil Wingate, ar a dtugtar Tástáil Anaeróbach Wingate chomh maith. B'fhéidir gurb é seo an measúnú is mó é a mbíonn tóir air maidir le neart anaeróbach buaice/uasta, tuirse anaeróbach agus cumas iomlán anaeróbach.


Tairseach Lachtáite do Rothaithe 


Tástáil Wingate 


Neart anaeróbach buaice/uasta: Léiríonn sé seo an neart is airde a ghintear le linn aon eatramh 3-5 shoicind den tástáil.

Cumas anaeróbach: Léiríonn sé méid iomlán na hoibre thar iarracht 30 soicind.

Tuirse anaeróbach: Léiríonn sí an laghdú céatadánach ar neart i gcomparáid leis an aschur neart buaice/uasta agus an t-aschur íosta nirt.


Prótacal Tástála Wingate

  • Sa tástáil Wingate, bíonn ar an lúthchleasaí na troitheáin a oibriú ar eirgiméadar rothair ar feadh 30 soicind, “ar theann a dhíchill” (cuirtear 4.5% nó 7.5% de mheáchan an lúthchleasaí leis an roth lústair tosaigh chun friotaíocht troitheála a sholáthar).
  • Nuair a chuirtear tús leis an tástáil (de ghnáth, trí chomhartha béil ón tástálaí), oibríonn an duine aonair na troitheáin “ar theann a dhíchill” gan aon fhriotaíocht.
  • Taobh istigh de 3 shoicind, cuirtear an fhriotaíocht sheasta réamhbheartaithe i bhfeidhm ar an roth lústair agus fanann sí ann don chuid eile den tástáil 30 soicind.
  • Cé go ndéantar an tástáil Wingate féin taobh istigh de thréimhse ama 30 soicind, moltar don duine téamh suas (3-5 nóiméad) a dhéanamh, agus fuarú síos téarnaimh (1-2 nóiméad) ina dhiaidh sin.

Friotaíocht 

  • Is iad an dá eirgiméadar rothair a úsáidtear de ghnáth don tástáil Wingate ná an t-eirgiméadar Fleisch agus an t-eirgiméadar Monark modhnaithe.
  • Friotaíocht eirgiméadair Fleisch = 0.045 kg in aghaidh an chileagraim de mheáchan coirp
  • Friotaíocht eirgiméadair Monark = 0.075 kg in aghaidh an chileagraim de mheáchan coirp.
  • E.g. Ar an eirgiméadar Monark, i gcás lúthchleasaí 70kg, bheadh friotaíocht an rotha lústair cothrom le 5.25kg (70 x 0.075).