Buntéarmaí agus coincheapa Gnó – 1


Meitheamh, 2024


Aidhmeanna an Ghnó agus Gníomhaíochtaí Gnó

Cliceáil ar gach ceannteideal le níos mó eolais a fháil. (Is féidir cliceáil arís leis an eolas a dhruidim nó a dhúnadh).



Táirgeadh Príomhúil – Gnólachtaí atá páirteach in astarraingt amhábhar

Ar shamplaí den táirgeadh príomhúil, bheadh an fheirmeoireacht agus an iascaireacht, nó táirgeann siad na hábhair as an úr – tógann siad beostoc nó ceapann siad éisc. Nuair a smaoinímid ar amhábhair, tagann gnónna amhail an mhianadóireacht chun cinn fosta, nó tochlaíonn siad amhábhair as an talamh. Mar sin, baineann táireadh príomhúil le hamhábhair a chur ar fáil.


Táirgeadh Tánaisteach – Gnólachtaí atá páirteach i monaraíocht nó déantúsaíocht – ag iompú na n-amhábhar ina n-earraí críochnaithe, nó ag próiseáil na n-amhábhar.

Seo nuair a iompaíonn tú amhábhar ina tháirge críochnaithe nó ina pháirt chríochnaithe (a thiocfadh le monarcha eile a úsáid). De ghnáth, tarlaíonn an táirgeadh seo i monarcha. Déantar amhábhair a phróiseáil nó cuirtear páirteanna de rudaí le chéile le táirge iomlán críochnaithe a dhéanamh.



Táirgeadh Treasach – (Tugtar an Earnáil Threasach air seo fosta) Gnólachtaí atá páirteach i soláthar seirbhísí amhail gruagaireacht nó baincéireacht rudaí a dhíol.

Seo seirbhísí a chuirtear ar fáil do ghnáthdhaoine agus táirgí a dhíoltar le gnáthdhaoine – na custaiméirí.



Geilleagar Measctha – Geilleagar ina bhfuil earnáil phoiblí agus earnáil phríobháideach araon

🤝 An earnáil phoiblí – seo seirbhísí a chuireann an stát ar fáil don phobal. Úsáideann an stát airgead ón cháin a íocann daoine le híoc as na seirbhísí agus le tuarastal na bhfostaithe uilig a íoc.

💵 Baineann an earnáil phríobháideach le gnónna agus comhlachtaí agus seirbhísí atá faoi úinéireacht daoine príobháideacha. Cuireann siad na seirbhísí seo ar fáil le hairgead a dhéanamh.


Geilleagar Pleanáilte  Geilleagar mar a bhfuil na meáin táirgeachta go léir faoi sheilbh agus faoi smacht an stáit agus ina socraíonn an stát cad é atá le táirgeadh.

Is dócha nach bhfuil ach tír amháin ar domhan ann sa lá atá inniu ann ina bhfuil geilleagar iomlán pleanáilte ann agus sin an Chóiré Thuaidh. Tá leibhéal ard de phleanáil eacnamaíoch ann i roinnt tíortha eile, amhail an tSín, Cúba, Vítneam agus Laos.

Sa Choiré Theas, déanann an rialtas cinntí faoin gheilleagar agus faoin treo a rachaidh rudaí


Geilleagar Saoriomaíochta  Geilleagar ina bhfuil na meáin táirgeachta faoi úinéireacht phríobháideach agus ina gcaithfidh tú díol as gach rud le rudaí a fháil.

Bíonn ionchur beag, measartha beag nó ionchur ar bith ag an rialtas sa gheilleagar seo.


Táirgeoir – Is é seo an gnólacht a dhéanann na hearraí nó a sholáthraíonn seirbhísí.

Tugtar táirge ar rud a dhéanann comhlacht lena dhíol.

Is táirgí iad na rudaí seo uilig


Tomhaltóir – Is é seo an duine a cheannaíonn earraí agus seirbhísí.

Is focal eile é tomhaltas ar úsáid.


Cuspóirí Gnó



📋 An sciar den mhargadh a mhéadú (le brabús a mhéadú)

Seo an méid custaiméirí a mheallann tú chuig do tháirge nó do bhranda féin. Mar shampla, i gcás na nguthán cliste, bíonn na comhlachtaí Samsung agus Apple in iomaíocht lena chéile agus iad beirt ag iarraidh an sciar is mó de mhargadh na nguthán cliste a bheith acu.

📋 Briseadh isteach i margadh nua

Do chuid táirgí a dhíol in áiteanna nár dhíol tú riamh roimhe iad. Mar shampla, éiríonn go han-mhaith leis an chomhlacht spóirt O’Neills in Éirinn lena gcuid earraí cluichí Gaelacha. Le blianta beaga anuas, áfach, tá siad ag díol níos mó éadaí i margaí nua amhail Sasana, nuair a thosaigh siad de bheith ag táirgeadh éadaí faoi choinne spóirt eile.

📋 Teacht slán

Fanacht oscailte – go leor airgead cúlchiste nó Plean B a bheith agat, ar eagla go mbeadh drochthréimhse gnó agat nó an ghnólacht a bheith in ann cinntí cliste nó deacra a dhéanamh le cuidiú leo teacht amach as drochthréimhse gnó.

📋 Tacaíocht phobail agus cúrsaí timpeallachta

Sa lá atá inniu ann, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh íomhá phoiblí mhaith ag gnólachtaí. Tá sé tábhachtach go mbeadh sé le feiceáil nach ndéanfadh siad rud ar bith le cur isteach ar an timpeallacht. Tá sé tábhachtach fosta go mbeadh sé feiceáil go bhfuil siad ionraic, agus gur daoine deasa iad nó go bhfuil siad oscailte agus cothrom. Cothaíonn na rudaí seo tacaíocht an phobail don ghnólacht.


Tosca Táirgeachta


⚙️ Talamh (amhábhair san áireamh)

Fáil a bheith agat ar áit le do ghnó a lonnú – spás ina dtig leat rudaí a tháirgeadh nó a dhéanamh, mar shampla. Más feirmeoir thú, bíonn talamh de dhíth ort don fheirm. Má tá monarcha agat, tá spás de dhíth ort don mhonarcha sin. Cuimsíonn sé fosta na hacmhainní a bhíonn de dhíth ort sa spás ina bhfuil do ghnólacht – an ola, an t-uisce agus an leictreachas a bhíonn de dhíth ort.

⚙️ Lucht oibre (oibrithe)

Bíonn daoine de dhíth leis an obair a dhéanamh agus beidh scileanna faoi leith de dhíth ar na hoibrithe sin. Ag brath ar an chineál oibre atá ar bun agat, nó ar na cineálacha táirgí a chruthaíonn tú, seans go mbeadh cáilíochtaí faoi leith de dhíth ar na hoibrithe s’agat.

⚙️ Caipiteal (foirgnimh agus innealra)

In amanna, baineann capiteal leis an fhoirgneamh féin a bhíonn de dhíth ort don ghnó. (San earnáil phoiblí, ciallaíonn tionscadal caipitil tionscadal le rud a thógáil, foirgneamh nó bóthar, mar shampla.) Ó thaobh na táirgeachta gnó de, baineann caipiteal níos mó leis na huirlisí agus an trealamh a bhíonn de dhíth ort don obair. B’fhéidir go mbeadh trealamh speisialta de dhíth le rud faoi leith a mhonarú. B’fhéidir go mbeadh ort táibléad cumhachtach nó ríomhaire speisialta a cheannach do gach duine de do chuid oibrithe. 

⚙️ Fiontar (fiontraí/duine gnó)

Baineann fiontar leis na smaointe cruthaitheacha gnó a bhíonn agat. Tugtar fiontraí ar dhuine a théann sa seans le smaoineamh agus a chruthaíonn an gnó. Rud nua a dhéanamh, b’fhéidir nach ndearna duine ar bith eile riamh. Baineann fiontraíocht, fosta, le bheith ag teacht aníos le dóigheanna úra le rudaí a dhéanamh.