Buntéarmaí agus Coincheapa Gnó – 2


Meitheamh, 2024


Eagrúchán an Ghnó


Earnáil Phríobháideach – Gnólachtaí atá faoi úinéireacht agus faoi smacht daoine príobháideacha.

Socraíonn siad ar na cineálacha rudaí ba mhaith leo a dhéanamh nó a dhíol nó na seirbhísí ba mhaith leo a chur ar fáil. An chuid is mó den am, tá cead acu a gcuid praghsanna féin a shocrú.


Trádálaí Aonair – Gnólacht faoi úinéireacht agus smacht agus á reáchtáil ag duine amháin


Comhpháirtíocht – Gnólacht a bhfuil idir beirt agus fiche comhúinéir aige.


Comhpháirtí díomhaoin – Duine a dhéanann infheistíocht sa ghnólacht ach nach bhfuil ról ar bith aige nó aici ina reáchtáil


Dliteanas Neamhtheoranta – Is féidir le húinéirí maoin phearsanta a chailleadh má tá fiacha ag an ghnólacht


Caipiteal – Is é seo an t-airgead a dhéanann a úinéirí a infheistiú i ngnó

Bíonn airgead de dhíth le gnó a thosú nó a fhorbairt, tugtar caipiteal ar an airgead seo


Speisialtóireacht – Tascanna a dhéanamh a bhaineann le do chuid scileanna speisialta nó do shaineolas féin


Roinnt an tSaothair – Fostaithe a scaradh de réir jabanna éagsúla, le hoibrithe ag déanamh speisialtóireacht i gcodanna faoi leith den táirgeadh



Fás Gnólachta


Barainneachtaí Scála – An t-aschur (nó an méid a dhéanann tú de rud) a mhéadú nó an méid a cheannaíonn tú de rud a mhéadú le hairgead a shábháil



Éagsúlú – Bogadh isteach i réimse eile gnó


Láimhdeachas – An méid ioncaim ó dhíolacháin a fhaigheann comhlacht taobh istigh de mhéid áirithe ama


Brabús Glan – Is é seo an brabús atá fágtha nuair atá gach costas bainte agus gach asbhaint déanta


Struchtúr Cothrom – An leagan amach a bheadh ar chomhlacht beag nach mbeadh ach trí leibhéal d’fhostaithe, ar a mhéad, ann


Struchtúr Ordlathach – An leagan amach a bheadh ar chomhlacht mór ina mbeadh cuid mhór leibhéal difriúil d’fhostaithe – bunaithe ar ord údaráis


Fás – Téarma a úsáidtear le méadú i ngnó a mhíniú


Comhcheangal Cothrománach – Nuair a nascann gnólachtaí le chéile atá ag an chéim chéanna táirgeachta


Comhcheangal Ingearach – Nuair a nascann gnólachtaí le chéile atá ag céimeanna difriúla táirgeachta


Saincheadúnú – Nuair a cheannaíonn gnólacht ceadúnas nó saincheadúnas le branda cáiliúil a fheidhmiú e.g. McDonald’s

Ceannaíonn tú ‘na cearta’ le lógó agus ainm agus branda an chomhlachta a úsáid 


Scairsheilbheoirí – Infheisteoirí aonair ar leo cuid de chuideachta theoranta acu (i.e. cheannaigh siad scaireanna sa chuideachta sin)

Thig le comhlachtaí airgead a dhéanamh trí scaireanna ina gcomhlacht a dhíol. Is leis na scairshealbhóirí anois cuid den chomhlacht agus bíonn ar an chomhlacht cuid den bhrabús a íoc leo – sin an díbhinn (féach thíos)


Corpraithe – Comhlacht a sheasann leis féin ó thaobh an dlí de. I gcúrsaí dlí, thig leis an chomhlacht é féin a chosaint agus tá a chuid airgid féin aige, ar leithligh ó airgead a úinéirí nó a chuid fostaithe.


Dliteanas Teoranta – Níl dliteanas pearsanta ar úinéirí maidir le fiacha gnólachta thar an leibhéal infheistithe.


Meabhrán Comhlachais – Doiciméad ina leagtar amach cuspóir an chomhlachta


Airteagail Chomhlachais – Doiciméad ina leagtar amach an dóigh a reáchtálfar an comhlacht go hinmheánach


Deimhniú Corpraithe – Doiciméad a eisíonn an Cláraitheoir Comhlachtaí lena ligean do ghnólacht tosú de bheith ag trádáil


Maorlathas – Nósanna imeachta a dhéanann dochar don éifeachtacht mar gheall ar bharraíocht páipéarachais

In amanna, tugtar ‘téip dhearg’ ar an mhaorlathas, rialacha agus rialúcháin a gcaithfidh tú cloí leo agus a fhágann níos deacra é, in amanna, dul chun cinn a dhéanamh


Díbhinní – An sciar de na brabúis a íoctar le scairshealbhóirí faoi dhó sa bhliain




Earnáil Phoiblí


Earnáil Phoiblí – Gnólacht faoi úinéireacht agus smacht an stáit agus á reáchtáil ag an stát


Rialtas Lárnach – Faoi smacht parlaiminte


Rialtas Áitiúil – Faoi smacht comhairlí áitiúla


Náisiúnaithe – Tionscal príobháideach ceannaithe ag an stát (mar shampla, sa tuaisceart is comhlacht náisiúnaithe é NI Water)


Príobháidithe – Tionscal náisiúnaithe díolta ag an stát


Dírialáil – Seirbhís phoiblí oscailte don earnáil phríobháideach


An Roinn Airgeadais – An roinn rialtais atá freagrach as airgeadas


Monaplacht – Smacht a bheith ag eagraíocht amháin ar earnáil den tionscal

Is minic a bhíonn monaplacht ag comhlacht amháin ar an mhargadh, agus go mbíonn go leor comhlachtaí eile ag iarraidh trádáil leis an sciar den mhargadh atá fágtha


Rialtas agus an tAontas Eorpach


Boilsciú – Ardú ginearálta i bpraghsanna earraí agus seirbhísí

Don ghnáthdhuine, tchí muid tionchar an bhoilscithe nuair a théann praghsanna in airde


Ráta dífhostaíochta – An líon daoine atá ag iarraidh a bheith ag obair ach nach dtig leo post a fháil


Polasaí fioscach – Smacht a choinneáil ar ioncam agus caiteachas trí cháin


Polasaí airgeadaíochta – Smacht a choinneáil ar ioncam agus caiteachas tríd an chostas ar iasachtaí (rátaí úis) a choigeartú


An tAontas Eorpach – Tíortha a tháinig le chéile le go mbeadh saoirse ghluaiseachta ag daoine, earraí agus seirbhísí eatarthu


Airgeadra aonair – An Euro, an smaoineamh go n-úsáidfí airgeadra amháin idir ballstáit uile an AE


Rátaí malairte – An ráta ar ar féidir airgeadra amháin a mhalartú ar cheann eile

Bíonn ar chomhlachtaí a thrádálann i níos mó ná tír amháin a bheith meabhrach ar an ráta malairte