Saoránacht Áitiúil agus Domhanda, 2024Meitheamh, 2024
An Ilchineálacht (ar leanúint)
Bealaí difriúla ina léirítear an Ilchineálacht Chultúrtha a fhiosrú
Faoi dheireadh an cheachta seo:
beidh tuiscint níos fearr agam ar an méid ilchineálachta atá sa tsochaí s’againn;
beidh mé i ndiaidh an sainmhíniú atá ar an ilchineálacht eitneach a fhiosrú;
beidh taighde déanta agam ar ghrúpaí eitneacha éagsúla atá ann sa tsochaí s’againn.
Cé chomh hilchineálach is atá an saol ina mairimid?
Smaoinigh ar a oiread samplaí agus a thiug leat de na cineálacha difriúla ilchineálachta atá ann sa saol ina mairimid faoi láthair. Déan iarracht ar a laghad cúig chineál difriúla d’ilchineálacht a shainaithint. Tá sampla amháin curtha ar fáil cheana, mar chuidiú duit.
An spórt
An Ilchineálacht Eitneach
Baineann sé seo leis na grúpaí éagsúla atá ann sa tsochaí s’againn ó thaobh chúlra an duine nó cultúr an duine de. Mar shampla, daoine as tíortha eile nó arb as tíortha eile dá muintir. Is mionlach iad na daoine seo sa tír ina gcónaíonn siad.
Smaoinigh ar thuaisceart na tíre s’againne:
1. Cad é an ‘cine’ is mó a bhíonn le feiceáil?
2. Cad é an Náisiúntacht is coitianta i dtuaisceart na hÉireann?
3. Cad iad na creidimh is mó a bhíonn chun cinn i dtuaisceart na hÉireann?
Cá mhéad grúpa eitneach éagsúil a chónaíonn in Éirinn a dtig leat smaoineamh orthu? Déan iarracht smaoineamh ar 6 ghrúpa, ar a laghad.
Bain úsáid as an sainmhíniú, mar chuidiú.
Obair Bhaile: Ilchineálacht Eitneach agus bealaí a léirítear an ilchineálacht:
Léigh na Cás-staidéir A-H (thíos) go cúramach.
Chomh luath is bheas gach ráiteas léite agat, déan iarracht na rudaí seo a leanas a shainaithint:
👶 Náisiúntacht an duine – is féidir go mbeadh níos mó ná Náisiúntacht amháin ag duine
👶🏻 Trí bhealach ina léiríonn an duine sin a f(h)éiniúlacht chultúrtha
👶🏼 Cén Náisiúntacht atá agat féin? Sonraigh trí bhealach ina léiríonn tusa do Náisiúntacht.
👶🏽 Déan an tábla a chomhlánú i do leabhrán.
Cárta A
Rugadh sa Nigéir mé agus tháinig mé a chónaí in Éirinn nuair a bhí mé 6 bliana d’aois. Tá mé i mo chónaí in árasán i mBéal Feirste. Caithimse gnáthéadaí. Ní chaithimse éadaí traidisiúnta de chuid na Nigéire, ach b’fhéidir go gcaithfinn iad agus mé níos sine. Tá ionam (yam, sa Bhéarla) ar cheann de na bianna is fearr liom. Tarraingíonn tú cuid den mheascán d’ionam amach le do mhéara agus tumann isteach in anlann é. Tá mé féin agus mo dheirfiúr beirt inár mball de na gasóga agus is breá linn dul a champáil.
Cárta B
Tá mé mo chónaí cóngarach go leor do Thrá Lí, i gContae Chiarraí. Tá mé i mo chónaí i dteach feirme. Is teach lóistín atá againn, stopann daoine linn agus iad ar saoire. Is fearr liomsa gnáthéadaí. Ar bhlais tú cál ceannann riamh? Is bia traidisiúnta de chuid na hÉireann atá ann agus tá sé thar a bheith blasta. Tagann turasóirí chugainn ó gach aon chearn den domhan. Bímse ag seinm ar an bhfeadóg stáin agus tá mé tar éis tosú ar an mbodhrán a fhoghlaim. Taitníonn an spórt go mór liom – is fearr liom an iománaíocht.
Cárta C
Cónaímse le mo mháthair agus le mo bheirt dheartháireacha i mbaile beag tuaithe i gContae an Dúin. Cónaíonn mo sheantuismitheoirí in Albain. Tá blas Albanach ag mo mhamaí go fóill, cé go bhfuil sí ina cónaí anseo le tamall fada! Is breá liom an t-arán briosc nó an brioscarán a dhéanann mo mhamó, tugaimidne dreamin’ bread air. Is briosca milis ime atá ann – tá sé thar a bheith blasta. Téimse chuig an chlub gleacaíochta trí huaire sa tseachtain. Tá dialann agam – scríobhaimse inti achan uile lá.
Cárta D
Rugadh i gContae Aontroma mé agus tá mé i mo chónaí in aice le Baile Aontroma ó tháinig mé ar an saol. Táimid inár gcónaí ar imeall an bhaile. Tá dlúthcheangal agam leis an dúchas Indiach s’agam. Caithimse éadaí Indiacha nuair a bhíonn ócáidí speisialta ann. Ithimid bia Indiach go minic. Is é an bia is fearr liom ná arán Naan, rís agus bia te spíosrach agus dipíní. Tá mé i mo bhall de na Brídíní. Déanaimse damhsa Gaelach.
Cárta E
Is Taistealaí mé. Tá mé i mo chónaí ar láithreán Lucht Siúil i gContae Thír Eoghain le mo theaghlach. Téimid a thaisteal sa leantóir s’againn. Is maith liom gnáthéadaí compordacha. Is breá liom go leor cineálacha difriúla bia. Ní bheinn ar an chócaire is fearr ach thig liom núdail Shíneacha a dhéanamh. Is maith liom an ríomhaire a úsáid ar scoil. Is maith liom grianghraif a thógáil de dhaoine.
Cárta F
Cónaímse in éineacht le m’athair agus mo dheartháir i mBéal Feirste. Tá an teaghlach s’againn inár gcónaí sa cheantar seo le fada fada an lá. An bia is fearr liom ná ‘pancóga brioscánacha’ – bímse ag dúil go mór leo gach seachtain! Is maith liom scéalta a scríobh agus a mhaisiú faoi chat darb ainm Muffle. Níl ann ach cat samhlaíoch. Lá éigin, ba bhreá liom bheith i mo churadh damhsa. Bhí mo mhamó ina curadh damhsa lá den saol.
Cárta G
Tá mé i mo chónaí i dteach agus rugadh i mBaile Átha Cliath mé. Bhog an teaghlach s’agam anall ón Afraic Theas. Tháinig m’athair anseo an chéad lá le hoiliúint a fháil le bheith ina dhochtúir. Caithimse éadaí scoile i rith na seachtaine ach roghnaímse rud éigin níos dathúla ag deireadh na seachtaine! Is é shawrma an bia is fearr liom. Tá sé mar a bheadh smailc ann…sórt cosúil le líonadh a chuirfeá isteach in arán piota. Is maith liom bheith ag snámh agus cispheil a imirt.
Cárta H
Cónaimse i mBéal Feirste in éineacht le mo theaghlach. Tá bácús againn. Táimidne inár gcónaí os cionn an bhácúis. Ní chaithimse éadaí traidisiúnta de chuid na Síne in am ar bith. Is fearr liom t-léinte a chaitheamh. An bia is fearr liom ná mias ón tSín – chow mein! De ghnáth, déantar bia Síneach a chócaráil i wok – is bealach gasta atá ann le rudaí a chócaráil agus bíonn an bia thar a bheith blasta. Tá mé ag foghlaim na fidile.
Obair Bhaile 2: An Ilchineálacht Eitneach agus Bealaí a Léirítear an Ilchineálacht a fhiosrú
Líon isteach an tábla
Cás-Staidéar
Náisiúntacht
Bealaí a Léirítear an Ilchineálacht
A
B
C
D
E
F
G
H
Do Náisiúntacht Féin
Gníomhaíocht Foghlama Baile 2
Gníomhaíocht Taighde: An Ilchineálacht Chultúrtha a Fhiosrú
Roghnaigh ceann de na grúpaí eitneacha éagsúla atá ann sa tsochaí s’againn. Caithfidh tú seó sleamhnán (PowerPoint) a chruthú ina mbeidh na píosaí eolais seo a leanas:
🎯 Pictiúr de bhratach an ghrúpa agus an rud a léiríonn an bratach agus an teachtaireacht atá taobh thiar de.
🎯 Bia traidisiúnta a bhaineann leis an chultúr sin. Luaigh a oiread cineálacha difriúla bia agus a thig leat.
🎯 An spórt traidisiúnta atá acu. Mínigh:
🎯 Cén teanga a labhraíonn siad? Faigh cúig fhocal ón teanga sin agus aistrigh go Gaeilge iad.
🎯 Cad é an príomhchreideamh a bhíonn ag an ghrúpa seo? Tabhair eolas ar dhá chleachtas (rudaí a dhéanann siad) de chuid an chreidimh seo.
🎯 Aimsigh duine clúiteach a bhaineann leis an ghrúpa chultúrtha seo agus faigh cúig phíosa eolais air nó uirthi.
🎯 Cur i láthair: Caithfidh tú pictiúir a bheith agat sa chur i láthair a bhaineann leis an ghrúpa chultúrtha seo.
A mhúinteoirí – is féidir na ceithre alt seo faoin ILCHINEÁLACHT a íoslódáil i bhfoirm leabhrán pdf inphriontáilte ach cliceáil ar an íomhá thíos. Mar aon leis na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an Ilchineálacht, tá rannán breise ann ar Chearta an Duine.