Saoránacht Áitiúil agus Domhanda, 2024Meitheamh, 2024
An Ilchineálacht (ar leanúint)
Gníomhaíocht Taighde – Freagra samplach
Éire
🇮🇪
Bratach na hÉireann – ‘an trídhathach’, mar a thugtar uirthi.
Tá ciall faoi leith ag baint le gach ceann de na trí dhath: léiríonn an glas traidisiún na Náisiúnach Éireannach nó bhí bratach glas in úsáid acu chomh fada siar le haimsir Eoghain Rua Uí Néill sna 1640idí; léiríonn an t-oráiste an traidisiún Oráisteach agus Protastúnach in Éirinn agus léiríonn an bán sa lár síocháin bhuan agus cairdeas idir an bheirt.
🇮🇪
Ar na bianna traidisiúnta de chuid na hÉireann, bheadh: stobhach Gaelach, arán sóide agus arán prátaí, cál ceannann agus brúitín prátaí agus scailliún.
🇮🇪
Ar na spóirt thraidisiúnta atá ag Éirinn, bheadh an chamógaíocht agus an iománaíocht, liathróid láimhe agus peil Ghaelach.
🇮🇪
Tá clú ar Éirinn as a cuid ceoil thraidisiúnta agus baintear úsáid as uirlisí amhail an chláirseach, an fheadóg stáin, an phíb uilleann, an fhidil agus an bodhrán lena sheinm. Tá traidisiún láidir damhsa ann fosta agus tá go leor cineálacha difriúla damhsa ann, mar shampla, an port, an ríl nó an cor, an port luascach agus an cornphíopa.
🇮🇪
Labhraíonn an chuid is mó de mhuintir na hÉireann Béarla anois ach is í an Ghaeilge teanga dhúchais agus teanga chultúrtha na tíre.
🇮🇪
Is í an Chríostaíocht an creideamh is coitianta in Éirinn. As na Críostaithe, is iad na Caitlicigh is coitianta sa tír ach tá líon suntasach Protastúnach ann fosta, an chuid is mó acu i dtuaisceart na tíre. Téann Caitlicigh ar Aifreann ar an Domhnach. Ié an 17ú Márta, Lá Fhéile Naomh Pádraig, féile náisiúnta na tíre.
🇮🇪
Duine de na hÉireannaigh ba chlúití le blianta beaga anuas ná file darbh ainm Séamus Heaney. Fuair sé bás sa bhliain 2013. Ainmníodh leabharlann in ómós dó in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Bhí clú agus cáil air ar fud an domhain as a chuid filíochta. Ceann de na dánta is clúití dá chuid ná dán darb ainm ‘Midterm Break’, dán a phléann le bás a dhearthár óig. Bhain sé Duais Nobel don Litríocht. Ba as Baile Eachaidh, i gContae Dhoire, dó.
Dúshláin roimh na grúpaí Eitneacha i sochaí na hÉireann
Faoi dheireadh an cheachta seo, beidh mé ábalta:
Na dúshláin a bhíonn le sárú ag daoine de chuid grúpaí eitneacha sa tsochaí
s’againn a aithint agus cur síos a dhéanamh orthu.
Sainmhíniú a thabhairt ar an chiníochas agus labhairt ar na bealaí ina dtig linn
cuidiú le daoine a bhíonn thíos leis an chiníochas.
Cruthaigh léaráid sa spás thíos leis na rudaí diúltacha uilig a mbeadh ar dhaoine a
thagann go hÉireann mar ghrúpa eitneach cur suas leo, a léiriú. Déan iarracht teacht
aníos le cúig cinn eile, ar a laghad, de dheacrachtaí nó dúshláin a mbeadh orthu plé
leo.
Cruthaigh léaráid sa spás thíos leis na rudaí diúltacha uilig a mbeadh ar dhaoine a thagann go hÉireann mar ghrúpa eitneach cur suas leo, a léiriú. Déan iarracht teacht aníos le cúig cinn eile, ar a laghad, de dheacrachtaí nó dúshláin a mbeadh orthu plé leo.
Dúshláin a mbíonn ar phobail eitneacha plé leo
Deacrachtaí teanga
Dúshlán 1: An Ciníochas
Ciníochas: bain úsáid as na heochairfhocail seo thíos agus scríobh do shainmhíniú féin ar an chiníochas.
míchothrom éagothrom bagairt dath náisiúntacht cine fisiceach iarmhairt nó toradh meabhrach
Gníomhaíocht Sínte Foghlama Baile 3:
Tabhair trí phíosa comhairle do dhuine a bheadh thíos leis an chiníochas.
An Ciníochas: Dóigheanna a dtig le daoine freagairt don chiníochas.
Léigh na trí chás-staidéar thíos.
I ndiaidh duit na 3 chás-staidéar a léamh, déan na rudaí seo a leanas a shainaithint ar an tábla thíos fúthu:
• An cineál ciníochais a mbeadh an duine thíos leis;
• An dóigh ar fhreagair an duine don chiníochas.
Cás-Staidéar – Jillian
Tá an-taithí agam ar an ilchineálacht chultúrtha anseo sa Tuaisceart. Bhuel, is Giúdach mise agus is Caitliceach duine amháin de na cairde is fearr s’agam agus Protastúnach an duine eile! Ní thiocfadh leat níos mó ilchineálachta ná sin a iarraidh! Bhí mo thuismitheoirí ag iarraidh, riamh anall, go mbeadh a oiread ilchineálachta cine agus ab fhéidir ann sa timpeallacht s’agam. Níor cuireadh chuig scoil Phrotastúnach ná Caitliceach mé ach chuig scoil imeasctha – ionas go mbeinn ag meascadh le daoine de chiníocha agus de chreidimh éagsúla… Ansin, nuair a bhí mé thart ar 13 nó 14 bliana d’aois, rinneadh tromaíocht orm agus níorbh fhada gur thosaigh siad a thabhairt cúrsaí creidimh isteach sa scéal. Déarfadh siad rudaí amhail ‘Heil Hitler’ agus ‘bás do na Giúdaigh’ liom. Bhí an tromaíocht ag dul ar aghaidh tamall, agus thug siad achan sórt masla dom, ach bhí mé ábalta iad a láimhseáil. Ach nuair a tharraing siad cúrsaí creidimh isteach sa scéal, sin nuair a chuir sé as dom. Bhí a fhios agam go raibh orm rud éigin a dhéanamh faoi. Le fírinne, ní shílim go raibh siad ag piocadh ormsa cionn is gur Giúdach mé. Ní raibh ann ach bata eile a dtiocfadh leo mé a bhualadh leis, ach an rud atá ann, sin an rud is mó a ghortaigh mé. An rud a bhí ann faoin scoil sin, bhí Hiondúigh ann, Críostaithe, Moslammaigh, Sínigh, Cóiréigh – achan ghrúpa faoin spéir, agus chonaic mé féin achan ghrúpa acu thíos leis an tromaíocht agus thíos leis an fhuath. Ach go dtí sin, ní raibh mé féin, go pearsanta, thíos leis. De ghnáth, bheadh an scoil thar a bheith dian ar aon chiapadh ciníoch dá leithéid seo. Ach chonacthas domhsa nach raibh a fhios acu an dóigh cheart leis an fhadhb s’agamsa a láimhseáil. In áit pionós a chur ar na cailíní a bhí ag spochadh asam, chaith siad níos mó ama ag iarraidh a fháil amach an raibh mise i gceart agus níor oibrigh sé sin, le fírinne. Ba cheart dóibh bheith níos déine ar na maistíní. Ní dhéanfaidh mé dearmad choíche den ‘Heil Hitler’. Ar bhealach, chuidigh siad liom tuiscint a fháil ar an dóigh a mothaíonn daoine a mbíonn orthu cur suas leis an chiníochas achan lá dá saol – is rud é nach dtuigeann tú go hiomlán go dtí go mbíonn tú thíos leis. Agus tú i do chónaí anseo sa Tuaisceart, tchí tú an méid a tharlaíonn nuair a bhíonn dhá ghrúpa dhifriúla in adharca a chéile, agus smaoiníonn tú, ‘an fiú é?’ – cé go bhfuil a fhios agam go maith go bhfuil an scéal i bhfad níos casta ná sin sa Tuaisceart. Tá go leor daoine i Sasana nó i ndeisceart na tíre nach bhfuil tuiscint rómhaith acu ar an scéal i dtuaisceart na hÉireann – síleann siad go bhfuil sé mar a bheadh zón cogaidh ann – ach is dócha gur sin an méid a léiríonn an teilifís dóibh. Ach ní mar sin atá an scéal – tá mise i mó chónaí anseo 18 mbliana agus tá mé sona sásta!
Arna chur in oiriúint ó alt sa Belfast Telegraph ón 9ú Aibreán, 2001
Cás-Staidéar – Tony
Is mise Tony. Is Síneach de chuid Hong Cong mé. Tháinig an mhuintir s’agam go hÉirinn níos mó ná cúig bliana is fiche ó shin agus bhunaigh siad bialann agus gnó ‘beir-leat’ i bPort an Dúnáin, i gContae Ard Mhacha. Tháinig siad mar go bhfaca siad go raibh deiseanna maithe gnó anseo. Sa lá atá inniu ann, tá bialanna agus gnólachtaí ‘beir-leat’ acu in Ard Mhacha, i bPort an Dúnáin agus i dTóin re Gaoith. Cé gur éirigh go maith linn ó thaobh an ghnó de, mar a tharlaíonn le cuid mhaith teaghlach de bhunadh na Síne, bhí orainn cur suas le ciapadh ciníoch go leor. Ar an chéad lá ar scoil dom, lean slua thart ar an scoil mé. Ní fhaca mórán acu duine ón tSín riamh. Lean siad thart mé, ag iarraidh orm Sínis a labhairt. Ar dtús, is fiosracht a bhí ann ach ansin, thosaigh cúpla duine a éirí gránna. Ní raibh an dara rogha agam ach neamhaird a thabhairt orthu. Bhí sé mar an gcéanna minic go leor agus mé ag obair sna bialanna beir-leat de chuid an teaghlaigh. Deir tú leat féin gur mar gheall ar an ólachán a deir daoine drochrudaí leat. Tagann daoine isteach, maslaíonn siad thú, agus ansin, bíonn siad ag iarraidh bia a cheannach uait. Dochreidte! Arís, bíonn ort neamhaird a thabhairt ar an drochiompar. Nuair a bhíonn tú i gcuideachta do ghrúpa shóisialta féin, bíonn sé go breá. Ach nuair a bhíonn tú leat féin, ar shiúl ón ghrúpa shábháilte sin, sin nuair a bhíonn fadhbanna ann. Nuair a chuaigh mé ar an Ollscoil, bhí an oiread sin de chiníocha difriúla ann, mhothaigh mé ansin nach raibh an brú céanna orm níos mó as siocair mé a bheith 'difriúil’, cé gur thug go leor daoine Malaeisiach orm le linn mo chuid ama ansin. Níl an Béarla go rómhaith ag mo thuismitheoirí go fóill, bíonn orthu na páistí a thabhairt leo, mar aistritheoirí, má théann siad chuig coinne dochtúra nó chuig rudaí mar sin. Tá sé i bhfad níos fusa ag an ghlúin s’againne – bhí orainn muid féin a oiriúnú don chultúr sa tír seo, ní raibh an dara rogha againn. Ní dóigh liom go gcloífidh mé féin leis na traidisiúin de chuid na Síne a bhíonn ag mo thuismitheoirí. Is Sínigh iad na cairde uilig atá ag mo thuismitheoirí. Tagann an pobal Síneach le chéile go rialta i gceantar Botanic i mBéal Feirste. Ar an iomlán, is nós leis an phobal Shíneach fanacht le chéile agus gan meascadh an oiread sin. Ach cionn is go ndeachaigh mise tríd an chóras scoile anseo, is Éireannaigh iad bunús na gcairde atá agam. Bhí an t-ádh orm sa mhéid is go bhfuil mo thuismitheoirí liobrálach go maith. Ní miste leo an meascadh. Tá mo dheartháir pósta ar chailín Éireannach agus bhí mo thuismitheoirí breá sásta faoi dtaobh de. Tá aithne agam ar go leor daoine de chuid an phobail Shínigh nach mbeadh chomh sásta céanna.
Arna chur in oiriúint ó alt sa Belfast Telegraph ón 3ú Bealtaine, 1995
Cás-Staidéar – Mark
Is mise Mark. Is taistealaí mé agus rugadh i mBaile Átha Cliath mé ag deireadh na mblianta 1970. Chónaigh muid i gceantar Dhún Sinche/Fionnghlaise. Bhí gnó rathúil go leor ag mo mhuintir, ag díol páirteanna cairr agus ag athchúrsáil dramh-mhiotail. In 1984, shocraigh an teaghlach go mbogfadh muid go Sasana, agus go rachadh muid anonn ar an bhád farantóireachta as Béal Feirste. Nuair a bhain muid an chathair amach, bhí muid leis an oíche a chaitheamh i gcampa Bhóthar an Ghleanna – níor imigh muid riamh! Is as Béal Feirste do m’athair agus do mo mháthair ó dhúchas ach d’fhág siad an chathair mar gheall ar na Trioblóidí, i ndiaidh dóibh pósadh i dtús na 1970idí. Nuair a chuaigh mise go Béal Feirste an chéad lá, d’fhreastail mé ar scoil do thaistealaithe amháin. Ach níor thug mé seo faoi deara ag an am, nó bhí mé cleachta leis an deighilt agus leis an scaradh. Mar shampla, i mBaile Átha Cliath, bhí ar na Taistealaithe uilig a fuair íocaíochtaí leasa shóisialaigh dul chuig oifig an dóil ag an am céanna, san áit chéanna i lár na cathrach (bhí an scéal céanna amhlaidh do Thaistealaithe i mBéal Feirste). Ní bhfuair muid oideachas ceart ar scoil nó ní raibh a leithéid de rud agus curaclam náisiúnta ann agus ní raibh córas aistrithe ann do Thaistealaithe óga, le go dtiocfadh le duine éigin a mbeadh spéis faoi leith aige nó aici in ábhar áirithe dul ar aghaidh chuig an mheánscoil. Rud eile, ní raibh clós súgartha ná bialann sa scoil. Tá na scoileanna ag athrú anois. Mar a dúirt mé, níor aithin mé gur rud ciníoch a bhí sa deighilt seo ag an am, ach thug mé faoi deara, agus mé ag fás aníos, go ndearnadh leithcheal ar Thaistealaithe. Ag fás aníos in iarthar Bhéal Feirste dom, fuair mé taithí ar rud a dtiocfadh leat ‘ciníochas oscailte’ a thabhairt air. Mar atá, daoine óga ag tabhairt ‘giofóga’ nó ‘tincéirí’ orainn. Ach bhí ciníochas folaithe ann fosta – seo nuair a diúltaíodh cead isteach dom féin agus do mo chairde i gclubanna óige srl. le leithscéalta leamha nó gan dealramh amhail ‘Tá muid lán’. Ansin, bhí an ciníochas institiúideach ann. Mar shampla, le 30 bliain anuas, níl aon leictreachas ná áiseanna cearta sláintíochta ná séarachais ann i gcampa Bhóthar an Ghleanna. Baineann sé seo le heaspa gnímh ó na gníomhaireachtaí rialtais – An Roinn Comhshaoil agus an Chomhairle Cathrach. Téann sé seo i bhfeidhm go fóill ar shláinte mheabhrach agus ar shláinte fhisiceach na dTaistealaithe a mhaireann faoina leithéid de dhálaí. Cé go ndearna an Chomhairle Cathrach iarracht áit chónaithe a thógáil do na Taistealaithe ar an champa sin, rinne siad prácás iomlán den rud ar fad agus ní raibh an rud a fuarthas sa deireadh thar mholadh beirte. D’úsáid siad ábhair thógála nach raibh ar chaighdeán maith go leor agus níor phléigh siad an rud mar is ceart leis an phobal. Bhí siad ag iarraidh suíomh den chineál chéanna a fhorbairt ag campa Bhóthar na Móna agus sa chás sin, bhí orthu an rud ar fad a tharraingt síos cionn is go raibh an dearadh a bhí taobh thiar de na foirgnimh úra lochtach. Níl mé ag maíomh gur fadhb é an ciníochas a bhaineann le Béal Feirste amháin, tá sé ann achan áit. Mar shampla, i mBaile Átha Cliath, bhí “suíomh oifigiúil” do Thaistealaithe ar an taobh eile den bhóthar ón áit a raibh an campa againne agus bhí maor nó bardach ann, a raibh madadh mór Alsáiseach aige, agus é ‘i mbun’ an tsuímh. Thug sé seo le tuiscint gur cheart súil a choinneáil ar Thaistealaithe agus iad a choinneáil ina n-áit. Is dócha go raibh an scéal céanna ann achan áit an t-am sin. B’ionann na suíomhanna seo agus ‘tearmann’, mar a bheadh ‘tearmann do bhundúchasaigh Mheiriceá’ ann, an dóigh ar chaith siad, agus a gcaitheann siad le Taistealaithe.
Arna chur in oiriúint agus a chur i gcló anseo le caoinchead Mark Donahue, Oifigeach Forbartha, Gluaiseacht Oideachais na dTaistealaithe
A mhúinteoirí – is féidir na ceithre alt seo faoin ILCHINEÁLACHT a íoslódáil i bhfoirm leabhrán pdf inphriontáilte ach cliceáil ar an íomhá thíos. Mar aon leis na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an Ilchineálacht, tá rannán breise ann ar Chearta an Duine.