An Ilchineálacht – Cuid 4


Saoránacht Áitiúil agus Domhanda, 2024 Meitheamh, 2024

An Ilchineálacht (ar leanúint)


Faoi dheireadh an cheachta seo, beidh mé ábalta:

  • Na dóigheanna difriúla ina léirítear cultúr sa tsochaí s’againn a shainaithint.
  • Na cineálacha difriúla cásanna ina n-eascródh coimhlint as an léiriú cultúrtha sa tsochaí s’againn a shainaithint.
  • An méid atá i gceist le Seicteachas a thuiscint
  • Samplaí den seicteachas sa tsochaí s’againn a aithint.




Gníomhaíocht:

Déan na bealaí difriúla uilig ina léiríonn an pobal Náisiúnach agus an pobal Aontachtach sa Tuaisceart a gcultúr agus a n-éagsúlacht a shainaithint. Úsáid an bosca thíos. Thig leat a oiread bealaí agus is mian leat a lua. Thig leat na bealaí a léiríonn Náisiúnaithe a gcultúr a scríobh thíos faoi bhrat na hÉireann agus na bealaí a léiríonn Aontachtaithe a gcultúr a scríobh faoi bhrat na Breataine.


Gníomhaíocht Obair Bhaile:

Smaoinigh ar na bealaí ina dtig le daoine féiniúlacht agus cultúr a léiriú. Cad iad an dá bhealach is mó, dar leat, a n-eascraíonn coimhlint astu? Luaigh fáth amháin le do fhreagra.


Cúiseanna Coimhlinte: Obair Bhaile

An fáth ar roghnaigh tú é:


An fáth ar roghnaigh tú é:


An Seicteachas

Sainmhíniú: ‘Dímheas láidir cúngaigeanta ar chreideamh eile agus a bheith ag diúltú do dhaoine eile nach bhfuil ar aon chreideamh leat.’


Díospóireacht Siúil:

Léifidh an múinteoir ráiteas. Caithfidh tusa a shocrú cé acu atá an ráiteas seicteach nó nach bhfuil agus siúl chuig an taobh cuí den seomra. Caithfidh tú fáth a thabhairt le tacú le do chinneadh.

Léigh na ráitis thíos. Úsáid an sainmhíniú ar an Seicteachas agus socraigh cé acu atá gach ráiteas seicteach nó nach bhfuil.


🤔💭 A. Is Protastúnaigh iad agus is drochdhaoine iad mar ba mhaith leo uilig Caitlicigh a mharú.

🤔💭 B. Déanann m’iníonsa damhsa Gaelach cé gur Protastúnach í.

🤔💭 C. Níl sna Caitlicigh ach ‘Tadhganna’.

🤔💭 D. Ní bheinn chomh tugtha sin dá gcuid mórshiúlta ach bheinn sásta a ligean dóibh é a dhéanamh nó sin an cultúr s’acu.

🤔💭 E. Ní thig muinín a bheith agat as Caitliceach.

🤔💭 F. Bíonn sé furasta a aithint gur Caitliceach atá ann nó bíonn na súile róchóngarach dá chéile.

🤔💭 G. Ní mhothóinn compordach i dteach pobail Caitliceach nó is Protastúnach mé.

🤔💭 H. Ní rachainn amach le Caitliceach nó nuair a bheas páistí agam, ba mhaith liom iad a thógáil ina bProtastúnaigh.

🤔💭 I. Is Caitlicigh iad cuid de na cairde is fearr atá agam.

🤔💭 J. Dar le m’athair nach bhfuil craic ar bith sna Protastúnaigh.

Seicteachas:

I ndiaidh daoibh an Díospóireacht Siúil a phlé, socraigh na ráitis thuas uilig faoin cheannteideal chuí thíos. Comhlánaigh an tábla ar fad (is leor an litir a chur isteach sa cholún chuí).

SEICTEACH NEAMSHEICTEACH

Conclúid Topaice: Foghlaim Baile 4
Obair Bhaile 


Íoslódáil an Leathanach Oibre Cé Mé? Úsáid na cineálacha eolais uilig a phléigh tú faoi thopaic na hilchineálacha le lipéid a chur ar an duine cipíneach lena léiriú cé thú féin.

Déan cinnte go gclúdaíonn tú:

  1. D’éagsúlacht féin: an chuma atá ort, aon chaitheamh aimsire atá agat agus imeachtaí tábhachtacha pobail a mbíonn baint agat leo.
  2. Na bealaí a gcuireann tú d’fhéiniúlacht chultúrtha agus d’éagsúlacht in iúl.
  3. Siombailí a léiríonn an cultúr agus an éagsúlacht s’agat.
  4. An dóigh a mothaíonn tú faoin chiníochas agus faoin seicteachas.

Tabhair ainm cruthaitheach ar an duine cipíneach s’agat, ainm a bhaineann le topaic na hilchineálachta.








A mhúinteoirí – is féidir na ceithre alt seo faoin ILCHINEÁLACHT a íoslódáil i bhfoirm leabhrán pdf inphriontáilte ach cliceáil ar an íomhá thíos. Mar aon leis na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an Ilchineálacht, tá rannán breise ann ar Chearta an Duine.