Sa mhatamaitic, is teoirim í Teoirim Phíotágaráis a bhaineann leis na sleasa i dtriantán dronuilleach.
Triantán dronuilleach
Is é is triantán dronuilleach ann ná triantán inar dronuillinn í ceann amháin de na trí uillinn atá sa triantán.
Sa triantán dronuilleach, tugaimid an taobhagán ar an slios is faide. Bíonn an taobhagán le fáil i gcónaí os comhair na dronuillinne.
Is é an taobhagán an slios is faide sa triantán chomh maith
Is é a deir teoirim Phíotágaráis ná go bhfuil achar na cearnóige a luíonn ar an taobhagán cothrom le suim an dá achar atá ag an dá chearnóg a luíonn ar an dá shlios eile.
Tá achar c cothrom le hachar a agus achar b curtha le chéile
Mar shampla, c2= a2+ b2
Mar sin de, má tá fad 2 shlios ar eolas againn, is féidir linn teoirim Phíotágaráis a úsáid le fad an tríú slios a oibriú amach.
Píotágarás, matamaiticeoir a mhair sa Ghréig thart ar 500 RCh
Baisteadh Teoirim Phíotágaráis ar an teoirim in ómós don mhatamaiticeoir cháiliúil, Píotagarás, a mhair sa Ghréig thart ar 500 bliain roimh Chríost (c. 570 – c. 495 RCh). Tá fianaise eile ann go raibh an teoirim seo ar eolas ag daoine eile roimh Phíotágarás, ach deirtear, cibé, gurbh é Píotagarás a chruthaigh an teoirim.
Ní hamháin go gcuidíonn teoirim Phíotágaráis linn sa mhata, mar sin, le fad na sleasa i dtriantáin dhronuilleacha a oibriú amach, tá úsáidí leis an teoirim sa ghnáthshaol fosta.
Thig linn Teoirim Phíotágaráis a úsáid ar go leor bealaí sa ghnáthshaol – cá fhad atá an dréimire?
Bíonn dronuilleannacha iontach go deo tábhachtach san ailtireacht agus i dtionscal na tógála. Baineann roinnt tógálaithe úsáid as riail iontach simplí lena chinntiú go mbíonn 90° sna coirnéil a mbíonn siad ag obair orthu. Tugann siad ‘an Riail 3, 4, 5’ uirthi seo agus tá an riail bunaithe ar Theoirim Phíotágarais.
Tosaíonn tú sa choirnéal agus marcálann tú pointe atá 3 aonad amach (thig leat méadair, nó ‘deiceanna de cheintiméadair’, i.e. 30cm a úsáid) ar bhalla amháin agus ansin, 4 aonad amach ar an bhalla eile. Ceanglaíonn tú an dá phointe seo le líne. Má bhíonn an líne seo 5 aonad ar fad, tá a fhios agat go bhfuil dronuillinn nó 90º sa choirnéal agat, nó tá tú i ndiaidh triantán dronuilleach a dhéanamh!
Bíonn sé iontach tábhachtach an seomra a bheith cearnógach!
Bíonn teoirim Phíotágaráis úsáideach sa loingseoireacht fosta. Má tá tú amuigh ar an fharraige agus má tá a fhios agat go bhfuil tú ag dul chuig pointe atá 300 míle siar uait, agus 400 míle ó thuaidh – thig leat teoirim Phíotágaráis a úsáid leis an fhad is giorra idir an áit a bhfuil tú agus do cheann scríbe a oibriú amach.
An fad siar agus an fad ó thuaidh, tá siad sin mar a bheadh an dá shlios eile den triantán ann agus an bealach a rachaidh tú, sin an taobhagán.
Úsáid an barra sleamhnáin le fad na sleasa sa triantán seo a athrú agus le fad an taobhagáin a fheiceáil.